We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Inishmore (County Galway) Airstrip.

Inishmore airstrip landing lights

Summary

Molloy pressed for urgent landing lights to enable night emergency evacuations, arguing Shannon could serve the islands; O’Toole said the matter was under consideration and that flights required lights at both ends. No commitment was made before Question Time ended.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware of the need for landing lights at Inishmore airstrip, County Galway, to facilitate emergency flights at night by Aer Árann; and the action, if any, he will take to provide money as a matter of urgency to deal with the problem.

Comment on this

Is mian le hÚdarás na Gaeltachta oiread feabhais agus is féidir a chur ar aerstráice Inis Mór agus ar na haerstráicí ar an dá oileán eile chomh maith. Nuair a bheidh soilse le cur ar an aerfort mórthíre óna mbíonn an aersheirbhís, breithneofar an ghné sin ar na hoileáin.

Comment on this

Baineann an cheist le soilsí a chur ar fáil ar aerstráice Inis Mór chun freastal ar emergency flights. Dá dtarlódh sé go raibh duine an-tinn san oíche níl aon bhealach gur féidir an duine sin a iompú go dtí ospidéal ar an mhórthír mar níl aon soilsí ar aerstráice Inis Mór. Ní fhéadfadh eitleán imeacht ón aerstráice san oíche.

Comment on this

Níl soilsí ar Charnmore ach oiread agus táimid ag fanacht——

Comment on this

Tá mé cinnte go bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil Aerfort na Sionna an chóngarach do na hOileáin Arainn agus go bhfuil soilsí ansin agus go bhféadfadh emergency flight an tSionna a fhágáil agus teacht isteach go hÁrainn le haghaidh duine a bheadh tinn agus é a thógáil as sin go dtí an tSionna agus as sin go dtí ospidéal i Luimneach nó ospidéal i nGaillimh.

Comment on this

Ní fhéadfadh sé teacht go dtí ospidéal i nGaillimh, by the way.

Comment on this

Ní ghlacaim leis an bhfreagra seo go gcaithfear soilse a bheith i gCarnmore sula gcuirfear soilse amuigh in Árainn. Tá aerfort i Chontae an Chláir atá an-chóngarach do na h-oileáin. D'fhéadfadh eitleán teacht as Shannon Airport chuig Oileáin Árainn le haghaidh duine a bheadh tinn agus é a thógáil arais go dtí an tSionna. Ní féidir é a dhéanamh faoi láthair mar níl aon soilse ar aerstráice Inis Mór.

Comment on this

Cheapfadh an Teach ón Teachta Molloy nach raibh tada á dhéanamh ar aerstráice oileáin——

Comment on this

Emergencies, people dying because they are sick and need to get to a hospital quickly.

Comment on this

Ní gá leis an Teachta é a rá as Béarla. Tuigim go maith é. Ná biodh aon dul amú air faoi sin.

Comment on this

B'fhéidir nach dtuigeann an tAire.

Comment on this

Tuigim go maith.

Comment on this

An bhfuil a fhios ag an Aire nach féidir le eitléan dul isteach go hÁrainn de bharr nach bhfuil soilsí ar aerstráice Inis Mór? Níl mé sásta leis an freagra.

Comment on this

Muna bhfuil an Teachta sásta leis an freagra ní thig liomsa níos mó a dhéanamh faoi.

Comment on this

Tá sé sin ró-ghlic.

Comment on this

Nil sé glic; tá an ceart agam.

Comment on this

An bhfuil an tAire ag rá nach féidir leis nó nár chóir soilsí a chur ar fáil in Inis Mór go dti go mbíonn soilsí i gCarnmore i nGaillimh?

Comment on this

Níor dhúirt mé nach féidir liom é a dhéanamh. Níor dhuirt mé nár chóir é a dhéanamh. Ba mhaith liom a rá go bhfuil mé ag breathnú air. An bhfuil an Teachta sásta anois?

Comment on this

Tá mé ag iarraidh ar an Aire ar dhúirt sé san bhfreagra nár chóir soilsí a chur ar fáil in Inis Mór go dtí go mbíonn soilsí i gCarnmore.

Comment on this

Ni féidir le eitleán teacht ó Ghaillimh go hInis Mór muna mbeidh soilsí san dá áit. Tá sé sin simplí.

Comment on this

If a person is dying it does not matter whether the aeroplane is coming from Galway or Shannon Airport.

(Cur Isteach.)

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

Tá Tráth na gCeisteanna caite.

As this is the last day for questions before we adjourn for the Christmas Recess, written replies will be given to the remaining questions. If any Deputy wishes to have a question left on the Order Paper for oral answer after the Recess he or she should inform the General Office accordingly by 5 p.m. today.

Comment on this