Access and bog road grants
Gallagher and Molloy press the Minister on funding and applications for Gaeltacht access and bog road repairs, disputing whether grants have been available. The Minister says money is scarce but repairs have been funded, and rejects claims of deception over Donegal estimates and a reported £6,000 allocation.
An bhfuil an tAire ag rá ag an bpointe seo nach bhfuil a fhios aige cé mhéad airgid atá le caitheamh i mbliana ar bhóithre Ghaeltachta? Níl a fhios agam cén fáth ar thóg an tAire céanna agus bóithre le chéile.
Comment on this
Is é an fáth ar thóg mé na ceisteanna sin le chéile ná go bhfuil na ceisteanna ag baint le caiteachas caipitil agus tá siad ag teacht faoin subhead céanna. Maidir le caiteachas ar bhóithre is gnáth don Aire Comhshaoil eolas a thabhairt maidir le caiteachas ar bhóithre náisiúnta faoi phlean an Rialtais. Ach ní miste a rá go mbeifear ag iarraidh an oiread airgid agus is féidir a chaitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht. Maidir leis an eolas atá foilsithe sa leagan coimrithe faoin soláthar iomlán de chaiteachas caipitil tá £825,000 in aghaidh £800,000 don bhliain seo. Maidir le muir oibreacha beidh siad sin san áireamh san bhfigiúr sin. Sin an fáth gur tógadh an dá cheist le chéile.
Comment on this
Shíl mé go dtuigfeadh an tAire agus an Roinn mo cheist. Tá mé ag caint mar gheall ar bhóithre áise, bóithrí portaigh, na gnáth dheontais a bhíonn á n-íoc amach ag an Aire. Ní bheinnse ag chur síos ceisteanna chuig Aire na Gaeltachta a bhaineann leis an Aire Comhshaoil. An bhfuil an tAire in ann a rá ag an bpointe seo an mbeidh airgead ar bith le caitheamh ar bhóithre áise sna Gaeltachtaí i mbliana agus cé mhéad?
Comment on this
Baineann an cheist a chuir an Teachta le caiteachas faoi phlean an Rialtais le haghaidh bhóithre sa Gaeltacht, agus maidir leis an cheist sin beidh airgead á chaitheamh ar bhóithre.
Comment on this
Má bhreathnaíonn an tAire ar cheist 5 feicfidh sé go bhfuil baint aige siúd le bóithre áise agus bóithre portaigh.
Comment on this
Maidir le bóithre áise do 1985, nior foilsíodh an t-eolas seo go fóill agus foilseofar an t-eolas ar fad le chéile sa Mheastachán.
Comment on this
An bhfuil sé fíor nach bhfuil an Roinn ag glacadh le aon iarratais ó na Gaeltachtaí éagsúla le haghaidh dheontais do bhóithre áise nó do bhóithre portaigh a dheisiú le dhá bhliain anois?
Comment on this
Níl sé sin fíor. Tá an t-airgead gann ach le dhá bhliain anuas tá deis curtha ar bhóithre áise agus bhóithre portaigh.
Comment on this
An bhfuil sé sásúil go dtiocfadh an tAire isteach anseo ag iarraidh dallamullóg a chur ar an Teach. Tá a fhios ag gach éinne a dhéanann staidéar ar Leabhar na Meastachán agus caiteachas na Roinne ó tháinig sé isteach an t-am seo mar Aire go bhfuil na deontais do na bóithre áise agus na bóithre portaigh gearrtha amach ar fad aige. Bhí suim beag airgid curtha ar fáil sa chéad bhliain le h-íoc as bóithre a bhí ceadaithe an bhliain roimhe sin ó bhí Fianna Fáil i gcumhacht. Caithfidh an tAire glacadh leis nach bhfuil sé fíor a rá gur féidir le muintir na Gaeltachta iarratais a chur isteach go dtí a Roinn chun deontas a fháil le bóithre áise a dheisiú. Tá an scéim sin curtha ar ceal ag an Aire i leith aon iarratas nua.
Comment on this
An nglacfaidh an tAire leis gur iarr Roinn na Gaeltachta meastacháin ó chomhairlí chontae áirithe taobh istigh de thrí seachtain ó shin agus cad a tharla do na meastacháin sin?
Comment on this
Níl aon chinneadh déanta agamsa nó ag mo Roinn faoi aon chaiteachas go dtí seo maidir leis na meastacháin sin?
Comment on this
Coicís ó shin chuaigh duine as pháirtí Fhine Ghael chuig Comhairle Chontae Dhún na nGall agus d'iarr an duine sin ar innealltóir áitiúil san chomhairle chontae meastachán a thabhairt le haghaidh na bóithre seo agus dúirt sé gur tháinig an scéal ón Aire go raibh £6,000 le teacht, agus tá na bóithre go léir seo ag dul isteach i dtithe pearsanta agus lucht tacaíochta an Aire féin.
Comment on this
Tá Teachta amháin ag rá nach bhfuil aon bhóithre áise á ndeisiú; tá Teachta eile ag cur i mo leith go bhfuil siad á ndeisiú. Get your act together, mar a déarfá, thall ansin.
Comment on this
Tá mé ag cur ceist ar an Aire an bhfuil sé sásta go bhfuil lucht tacaíochta Fhine Ghael ag iarraidh meastachán le haghaidh na mbóithre seo; níl siad déanta ach cuireadh eolas ar fáil ag an am sin go mbeadh £6,000 ar fáil ag Comhairle Chontae Dhún na nGall. Níl an t-airgead sin ar fáil ach tá muintir Fhine Ghael ag iarraidh dallamullóg a chur ar mhuintir Dhún na nGall.