We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais do Chomharchumainn.

Gaeltacht co-operative grant records

Summary

Gallagher sought annual figures and co-operative-by-co-operative details of grants from 1973 to 1984. O’Toole said published accounts combine payments and that assembling the full breakdown would require substantial work, though he would provide details for a named co-operative or if the need for the information were demonstrated.

Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta cad é líon na gcomharchumann a fuair deontais ó Roinn na Gaeltacha gach bliain ó 1973 go dtí an t-am i láthair agus cén tsuim airgid a íocadh leo gach bliain ó 1973.

18. D'fhiafraigh

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltacha cad é líon na gcomharchumann atá ag fáil deontas ó Roinn na Gaeltachta i láthair na huaire.

19. D'fhiafraigh

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta céard iad na comharchumainn a fuair deontais bhainistíochta ó 1973 go 1984 agus cé mhéad a íocadh mar dheontas le gach comharchumann gach bliain.

Comment on this

Tógfaidh mé Ceisteanna 17 go 19 le chéile.

Tá deontas reachtála ag mo Roinnse le 13 chomharchumann faoi láthair.

Foilsítear eolas faoin gcúnamh a íoctar le comharchumainn sna Cuntais Leithreasa a leagtar faoi bhráid na Dála gach bliain ach amháin go mbíonn na híocaíochtaí leis na comharchumainn uile le chéile agus nach ndeighiltear an caiteachas caipitil ón gcaiteachas neamhchaipitil orthu roimh an mbliain 1981: ar ndóigh, bíonn an t-eolas a bhaineann leis féin ag gach comharchumann. Bheadh mórchuid oibre ag gabháil le sonraí a bhaint amach do gach comharchumann ar leith gach bliain le dhá bhliain déag anuas agus ba leasc liom obair mar sin a chur á déanamh gan léargas a fháil ar an tábhacht speisialta a bhainfeadh leis an mion-eolas.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An é atá á rá ag an Aire ins an freagra a thug sé dúinn ansin nach bhfuil eolas faoi leith le fáil faoi na deontais bhainistíochta atá le fáil ag comharchumainn; nach bhfuil siad sin scartha ó na deontais eile atá le fáil ag na comharchumainn?

Comment on this

Dúirt me nuair a foilsítear na cuntais agus nuair a cuirtear faoi bhráid na Dála iad, bíonn suim iomlán ann agus ní scairtear amach na deontais reachtála ó na deontais chaipitil. Tá an t-eolas sin le fáil sa Roinn mar atá a fhios ag an Teachta. Cuirtear na cuntais ar fad le chéile.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ní thuigim céard atá i gceist ag an Aire. An féidir leis an Aire a insint dúinn an é an rud a tharlaíonn go dtig leis na comharchumainn iad féin a roghnú céard a bheas le n-íoc maidir le deontais a chur ar fáil do na bainisteoirí atá tofa acu le obair na gcomharchumann a reachtáileadh.

Comment on this

Tá mé ag tagairt don nós imeachta atá ann i gcur na gcuntas faoi bhráid an Tí go mbíonn méid speisialta faoin deontas reachtála agus faigheann siad méid speisialta faoi dheontas caipitil. Tá socrú deimhneach déanta maidir leis na suimeanna airgid atá i gceist sa dhá rud. Ach is é an nós imeachta atá ann maidir leis na cuntais ná go gcuirtear le chéile an dá rud. Tá mé ag rá anseo go mbeidh an-deacracht, an-obair ann má dhéanaimse an rud ar fad a scarúint ag an bpointe seo gan eolas a bheith agam ar cén tábhacht speisialta a bheadh leis an mion-eolas seo a chur ar fáil.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Má chuirim ceist ar an Aire faoi chomharchumann faoi leith ag iarraidh eolais faoi cé mhéad den deontas bainistíochta atá le n-íoc leis an gcomharcumann sin, an bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil sé in ann an t-eolas sin a thabhairt dom?

Comment on this

Ní dúirt mé sin. Má chuireann an Teachta ceist orm faoi chomharchumann faoi leith níl mórán oibre leis an mion-eolas sin a thabhairt dó agus freagrófar a leithéid de cheist.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Cuireadh an cheist sin faoi na comharchumainn atá ag fáil deontas. D'iarr mé an t-eolas sin faoi gach comharchumann agus níl an t-eolas sin á thabhairt ag an Aire.

Comment on this

Sé atá a iarraidh ná an t-airgead atá á fháil acu le 12 bliana anuas.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá na ceisteanna seo ag Roinn na Gaeltachta le fada an lá agus sílim go raibh go leor ama ag an Roinn leis an t-eolas a d'iarramar a fháil. Cén fath go bhfuil an tAire ag iarraidh — ní maith liom an focal "ceilt" a úsáid — ach cén fáth nach bhfuaramar an t-eolas?

Comment on this

Níl mé ag iarraidh tada a cheilt. Glacaim leis nár cuir an Teachta an focal "ceilt" i mo leith. Séard a dúirt mé ná go mbeadh an-chuid oibre ag teastáil leis an mioneolas seo a chur ar fáil don tréimhse atá i gceist ó 1973 go 1984. Má chuireann an Teachta ceist faoi chomharchumann faoi leith tabharfaidh mé an mioneolas sin dó.

(Cur isteach.)

Comment on this

Ba maith liom a rá go dtarlaíonn an rud seo go minic ní amháin i mo Roinnse ach i Ranna eile agus go deimhin ní inniu nó inné a tharla sé i leith an eolais a bhí ag teastáil toisc go raibh an iomad ama le cur isteach chun an mioneolas a chur ar fáil. Má thugtar cúis domsa go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an eolas seo ón Teachta a chuir an cheist, cuirfidh mé an t-eolas ar fáil.

Comment on this