Employment in the Donegal Gaeltacht
The Minister said Údarás na Gaeltachta continued seeking viable projects, with employment in supported industries rising; 76 proposals were approved in Donegal in 1984 and the 250-job target was met. Gallagher warned that insufficient jobs could drive migration and threaten the Gaeltacht, and asked about factory closures and job losses; the Minister lacked those figures but undertook to provide them.
asked the Minister for the Gaeltacht if he will outline the efforts being made by Údarás na Gaeltachta to provide additional employment in the Donegal Gaeltacht.
Comment on this
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl acu d'fhonn tionscnaimh fhiúntacha a aimsiú a chuirfidh deiseanna shochracha fostaíochta breise ar fáil i nGaeltacht Dhún na nGall agus go bhfuil ag éirí leo sa mhéid go bhfuil an fhostaíocht i dtionscail a fuair cúnamh uathu ag méadú.
Comment on this
An nglacann an tAire go bhfuil níos mó ná 10,000 ag obair i gContae Dhún na nGall agus go bhfuil cuid mhaith de na daoine sin san Ghaeltacht? An nglacann sé freisin nach bhfuil an méid sin postanna á chur ar fáil chun stop a chur leis an imirce as an nGaeltacht? An nglacann sé freisin má leanann an imirce seo as an nGaeltacht go bhfaighidh an Ghaeltacht bás mar gheall air sin?
Comment on this
Rinneadh cinneadh agus ceadaíodh 76 fógra i gContae Dhún na nGall sa bhliain 1984. Bhí sprioc fostaíochta 250 ann, agus baineadh amach an sprioc sin.
Comment on this
Cé mhéid monarchan a dhúnadh i nGaeltacht Dhún na nGall agus cé mhéid postanna a chailleadh sa bhliain chéanna?