We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions Oral Answers - Gaeltacht Roads.

Funding for Gaeltacht roads

Summary

Members challenged the Minister over the £25,000 available for Gaeltacht roads, arguing it was inadequate and asking about further work, regional allocations, and selection criteria. The Minister said no additional funds were available, the allocation was not yet divided, and county councils were primarily responsible for these roads; the existing selection method would not change, though Local Improvement Schemes could also help.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware of the serious condition on many non-county Gaeltacht roads; and if he will have a special allocation made for the repair of these roads.

Comment on this

Soláthar £25,000 atá ar fáil do mo Roinn-se i mbliana le haghaidh bhóithre sa Ghaeltacht agus níl ar mo chumas airgead de bhreis air sin a chur ar fáil amhail mar atá i gceist ag an Teachta.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An dtuigim ó ráiteas an Aire go bhfuil £25,000 ar fáil do na Gaeltachtaí ar fad?

Comment on this

Sea.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An n-aontódh an tAire gur masla do na Gaeltachtaí a leithéid de fhigiúr a chur ar fáil? Nuair a thógtar an scair a bheas le fáil ag gach Gaeltacht ar fud na tíre caithfimid glacadh leis go mbeidh Gaeltachtaí nach mbeidh pingin ar bith le fáil acu. An bhfuil an tAire sásta gurb shin an chaoi chun deileáil le muintir na Gaeltachta?

Comment on this

Maidir leis an cheist seo ar fad — agus thug mé freagra ar an saghas seo ceiste cúpla uair le bliain anuas — is í an tuairim atá agam féin go bhfuil de dhualgas ar chomhairlí contae bóithre mar seo a dheisiú agus a chur ar fáil do na daoine in a gceantair féin. Glacaim leis nach mórán a dhéanfaidh £25,000 ach is é atá anseo ná airgead atá ar fáil le obair a bhí idir lámha a chríochnú, agus go bunúsach is iad na comhairlí contae sna ceantair seo a bhfuil sé de dhualgas orthu bóithre a dheisiú agus a thógáil.

Comment on this

An mbeidh aon airgead, mar sin, i mbliana d'aon obair breise a thosnófar sna Gaeltachtaí.

Comment on this

Braitheann sé ar an méad a bheidh fágtha as sin tar éis an obair atá idir lámha a críochnú.

Comment on this

Cén chaoi a bhfuil an £25,000 sin roinnte idir na Gaeltachtaí?

Comment on this

Níl sé roinnte ar chor ar bith don bhliain seo ach d'fhéadfainn na figiúir a thabhairt do 1984: Dún na nGall, £11,000; Maigh Eo £6,900; Gaillimh, £13,000; agus Ciarraí, £8,800.

Comment on this

An bhfuil aon athrú déanta ag an Aire nó ag an Roinn ar an módh ina roghnaítear na bóithre a chuirtear an t-airgead seo isteach iontu?

Comment on this

Níl.

Comment on this

An bhfuil sé i gceist aon athrú a dhéanamh?

Comment on this

Níl.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Nach bhfuil prionsabal atá bunaithe ar feadh na mblianta faoi airgead a chur ar fáil do bhóithre áise ar fud na Gaeltachta? Baineann muintir na Gaeltachta go leor tairbhe as an airgead seo. An nglacfaidh an tAire gur cúlú é ar an bprionsabal a bhí ann le foirthint a dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta, agus an smaoineoidh sé ar leanúint leis an bprionsabal sin agus níos mó airgid a chur ar fáil do bhoithre áise sna Gaeltachtaí?

Comment on this

Taobh amuigh den phrionsabal atá i gceist, ba maith liom dá mbeadh breis airgid ar fáil don obair seo ach níl a leithéid ann. Mar a deirim arís, tá bealaí eile le deisiú agus tógáil a dhéanamh ar bhóithre áise, trí LIS agus a leithéidí, mar atá a fhios ag an Teachta. Níl an t-airgead againn le caitheamh ar na bóithre.

Comment on this