We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions Oral Answers - Monarcha Gaeltacht Mhúscraí.

d'Aire na Gaeltachta cad é an deontas iomlán a fuair gach monarcha i nGaeltacht Mhúscraí ó Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1982, 1983, 1984 agus 1985.

Comment on this

Tá an t-eolas sin ar fáil do na blianta 1982 agus 1983 i dtuarascálacha bliantúla Údarás na Gaeltachta. Foilseofar an t-eolas do 1984 agus 1985 i dtuarascálacha na mblianta sin.

Comment on this

Cén uair a bheidh tuarascáil na bliana 1984 ar fáil?

Comment on this

Tá súil agam go mbeidh sé ar fáil faoi lár na bliana seo.

Comment on this

An bhfuil na figiúir le haghaidh 1982, 1983 agus 1984 le fáil againn anseo inniu?

Comment on this

Tá siad le fáil sna tuarascálacha atá foilsithe againn. Tá tuarascálacha na mblianta 1982 and 1983 le fáil sa Teach agus tá mion-tuairiscí ansin ar chuile chomhlacht agus chuile thogra a fuair deontas nó iasacht.

6. D'fhiafraigh

Comment on this

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid duine as Múscraí bhí fostaithe i ngach monarcha i nGaeltacht Mhúscraí ar an lú lá d'Fheabhra 1982, 1983, 1984 agus 1985.

Comment on this

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nach gcuirtear figiúirí fostaíochta le chéile ach i lár agus i ndeireadh na bliana. Tá sonraí faoin líon daoine a bhí fostaithe i 1982 agus 1983 i dtionscail i gContae Chorcaí a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann/ón Údarás tugtha i dtuarascálacha bliantúla an Údaráis do na blianta sin. Foilseofar figiúirí do 1984 agus 1985 i dtuarascálacha na mblianta sin. Baineann formhór na fostaíochta sa chontae le ceantar Mhúscraí.

Comment on this

Nach féidir leis an Aire an freagra lom díreach i leith na bhfigiúirí sin a thabhairt dúinn anseo?

Comment on this

D'fhéadfainn na figiúirí a thabhairt don Teachta don chontae. Do cheantar Gaeltachta Chorcaí, i 1982 bhí 274 fostaithe, do 1983 bhí 289 fostaithe, agus níl figiúirí againn faoi láthair don bhliain 1984.

Comment on this