We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Údarás na Gaeltachta’s future and public confidence

Summary

Members questioned whether the Government planned to alter or abolish Údarás na Gaeltachta and said uncertainty, publicity and temporary board appointments had undermined confidence. The Minister said he had no intention of ending the Authority, described ongoing departmental and other reviews, and defended its work and employment results while saying he would await the committee’s findings.

asked the Minister for the Gaeltacht if the Government have any plans to alter the structure or role of Údarás na Gaeltachta.

7. D'fhiafraigh

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil a fhios aige go bhfuil imní ar mhuintir na Gaeltachta maidir le céard atá i ndán d'Údarás na Gaeltachta agus an inseoidh sé céard go díreach atá leaghta amach ag an Rialtas le muinín a chothú don eagras sin.

Comment on this
Patrick O'Toole Aire na Gaeltachta (Mr. O'Toole) Fine Gael

Tógfaidh mé Ceist a 1 agus Ceist a 7 le chéile.

Is mian liomsa agus leis an Rialtas go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú go lánéifeachtach ar mhaithe le muintir na Gaeltachta agus leis an nGaeilge agus tá rún agamsa mar Aire na Gaeltachta gach dúthracht a chaitheamh chun an aidhm sin a bhaint amach.

Tá na scrúduithe seo a leanas ar siúl faoi láthair maidir leis an Údarás:

— scrúdú ar thuarascálacha agus ar chuntais agus ar thorthaí oibríochta i gcoitinne an Údarás ag an gComhchoiste Oireachtais Um Chomhlachtaí Stát-tionscanta Tráchtála;

— scrúdú ar iarratas ón mbord ag buíon oibre de chuid Roinn na Seirbhíse Poiblí ar an gcúram atá ar an Údarás d'fhonn moltaí a dhénamh maidir leis na bealaí is

éifeachtaí agus is eacnamúla chun a chuid dualgas a chomhlíonadh agus a chuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích; agus

— scrúdú agam féin as fheidhmeanna agus ar obair an Údaráis.

Is deimhin liom go dtiochfaidh moltaí fiúntachta ar aghaidh ó na scrúduithe sin a bheidh ina chabhair don Údarás chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach. Ní mór dom a rá nach bhfuil aon fhreagracht ormsa as aon tuarascáil sna meáin chumarsáide a deir go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas deireadh a chur leis an Údarás.

Comment on this

An chéad cheist a chaithfidh mé a chur ar an Aire ná cad a tharla do na Teachtaí eile, nach bhfuil ach gnáth cheist amháin thíos do Aire na Gaeltachta? An leisciúleacht nó neamhéifeacht nó neamhshuim is ciontach leis seo? Pé scéal é, tá scrúdú á dhéanamh ní hé amháin ag an Aire ach ag an Rialtas ar éifeachtacht an Údaráis. An é nach bhfuil aon rud socraithe go fóill ag an Rialtas nó an féidir leis an Aire a rá anois anseo go bhfuil sé cinnte go leanfar le Údarás na Gaeltachta agus an rud atá i gceist, nó an cóir níos mó cumhachtaí a thabhairt nó cumhachtaí a bhaint dó? Cad é díreach atá i gceist ag an Rialtas nó ag an Aire faoin Údarás?

Comment on this

Ag an bpointe seo níl sé ar intinn agamsa deireadh a chur leis an Údarás agus dúirt mé sa fhreagra nach féidir liomsa a bheith freagarthach as ráflaí a thagann amach ó na meáin chumarsáide. Ba mhaith liom mar sin féin a rá go bhfuil mise agus Roinn na Gaeltachta ag déanamh iniúchta ar obair an Údaráis agua ar nós imeachta an eagrais, go bhfuil scrúdú ar siúl ag Comhchoiste Oireachtais ar chomh maith ar bhun speisialta mar a dheineann siad le comhlachtaí Stáit eile go deimhin, agus chomh maith leis sin, go bhfuil scrúdú inmhéánach á dhéanamh ag Roinn na Seirbhíse Poiblí, rud a tharlaíonn go minic in a lán comhlachtaí Stáit eile chomh maith.

Tá sé seo ar siúl agus níl aon cheann de na iniúchtaí seo críochnaithe go fóill agus go dtí go mbeidh said críochnaithe agus go dtí go ndéanfar scrúdú ar na tuarascálacha a thangann as an iniúchadh atá ar siúl níl mise ábalta a rá go baileach cén toradh a bhéas air seo. Is í an aidhm atá leis an obair seo ar fad ná cur le éifeachtúlacht an eagrais mar eagras atá i mbun oibre sa Ghaeltacht ar son Gaeltachta na Gaeltachta agus ar son na Gaeltachta féin. Sin a bhfuil ann. Níl aon rud eile i gceist. Tá an tÚdarás ansin le cúig bliana. Ba coincheap nua é agus tá sé in am breathún siar féachaint cén toradh atá ar a chuid oibre agus breathnú ar aghaidh ag féachaint ar féidir feabhas a chur ar nós imeachtaí agus obair an Údaráis. Sin a bhfuil ann.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ar dtús ba mhaith liom, mar fhreagra ar an rud adúirt an Teachta Mac Giolla, a rá nach í easpa suime i gcúrsaí na Gaeltachta ach trí mhíthuiscint fágadh amach ceisteanna. Bhí mé anseo nuair a bhí an Ghaeltacht á plé agus faoi chaibidil agus thaispeáiníomar ar gach aon taobh den Teach cén suim a bhí againn sa Ghaeltacht. Ag dul ar aghaidh leis na ceisteanna, an n-aontódh an tAire go bhfuil sórt amhrais ar dhaoine i láthair na huaire faoi céard atá i ndán don Údarás i ngeall ar an droch-phoiblíocht atá faighte ag an Údarás agus i ngeall ar an chaoi a bhfuil sé á láimhseáil ag an Rialtas féin. An n-aontódh sé nach dtáinig aon rud deimhnitheach ón Aire ná ón Taoiseach — taobh amuigh den méid adúirt an Taoiseach anseo sa Dáil — mar fhreagra ar cheist. Níor tháinig aon phoiblíocht ceart faoi céard atá i ndán don Údarás san am atá le teacht ach amháin na cúrsaí amhrais atá cothaithe agus atá ag déanamh díobhbhála do obair an Údaráis faoi láthair.

Comment on this

Bhí droch-phoiblíocht á fáil ag an Údarás le tamall. Níl sé sin le fáil anois. Tá an job á dhéanamh ag an Údarás chomh maith agus is féidir leis taobh istigh de na constaicí atá thart air agus ann, agus ná fhéachann tú ar na torthaí atá á mbaint amach ag an Údarás ar bhonn amháin, cuir i gcás ar bhonn fostíochta, tá sé sásúil. Tá deacrachtaí agus go deimhin tá a fhios ag an Teachta mar iar-Aire go bhfuil deacrachtaí ag baint leis an Údarás toisc go bhfuil deacrachtaí ar leith ag baint leis an timpeallacht agus leis an gceantar go bhfuil freagracht orthu as. Feicimse mo fhreagracht féin sa chás seo mar chúnamh don Údarás le cuidiú leo an job is ferr a dhéanamh, agus ba mhaith liom a rá chomh maith, rud nach ndeirtear go minic nó minic go leor, táimid ag caint anseo faoi chaiteachas airgid phoiblí agus tá sé de dhualgas ní amháin ormsa ach ar chuile dhuine sa Teach seo, ar chuile thaobh den Teach, cinntiú chomh fada agus is féidir go bhfuil, ní hé amháin san Údarás ach i chuile Roinn Stáit eile agus i chuile chomhlacht Stáit eile go bhfuil luach ár n-airgid le fáil ag an Rialtas ar son mhuintir na hÉireann. Agus ba mhaith liom a ráag an bpointe seo go bhfuil an job á dhéanamh ag an Údarás agus go bhfuil a lán daoine san Údarás go mba mhaith leo go ndéanfaí scrúdú agus iniúchadh ar a gcuid oibre féachaint cén chaoi is fearr le cur chuige as seo amach agus a fháil amach an féidir feabhas a chur ar nósanna imeachta an eagrais agus is iad muintir na Gaeltachta agus an Ghaeltacht féin a bheidh ag baint buntáiste as a leithéid de fheabhas más feabhas a bheidh ann.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An n-aontódh an tAire go ndearnadh dochar nuair nár toghadh a bheadh ansin lánaimseartha tar éis na toghchán, nuair a toghadh baill a bhí ansin go sealadach gur chothaigh sé sin sórt amhrais. Ansin na ráitis atá á ndéanamh ag an Aire é féin, fiú amháin ar chlár Raidió na Gaeltachta, an n-aontódh sé nach ndearna sé maitheas ar bith don Údarás ná do obair an Údaráis nuair a luaigh sé fiú amháin sna rudaí atá ráite sa fhreagra anseo inniu aige. Tuigimid uilig go bhfuil obair an-mhaith a déanamh ag an Údarás ach teastaíonn gach neartú agus gach cuidiú gur féidir a fháil ón Aire agus ón Rialtas leis an obair sin a chur i gcrích go maith.

Comment on this

Ní mise atá ag caitheadh an amhráis sin agus rinne an Teachta tagairt do chlár raidió in ar ghlac mise páirt le déanaí agus dúirt mé an rud céanna ansin is a búirt mé anseo inniu. Casadh an méid a dúirt mé thart agus is daoine eile atá ag caitheadh amhrais ar fud na háite maidir leis an Údarás agus maidir le toghcháin na Gaeltachta, ní mise agus níl aon fhreagracht ormsa ar cén sórt casadh a déantar ar céard a deirimise ó ham go ham maidir leis an Údarás.

Comment on this