Reviews of Údarás na Gaeltachta
Mac Giolla sought clarification about what the Minister knew of other reviews and whether the Authority might be abolished; Gallagher asked what the Government would do to restore confidence. The Minister distinguished his Department’s review from the Public Service Department’s and the Oireachtas committee’s work, and said he would state his plans after receiving the committee’s report. The Chair then moved to the next question.
Caithfidh mé dul ar ais chuig rud a dúirt an tAire ag tabhairt freagra dom tamall ó shin. Glacaim leis go bhfuil an tAire i ndairíre nach bhfuil i gceist aige siúd deireadh a chur leis an Údarás ach an é atá an tAire ag rá ná go bhfuil iniúchadh a dhéanamh anois ag Airí eile ar an Údarás agus nach bhfuil a fhios go fóill ag an Aire atá anseo anois cad é an toradh a bheidh ar an iniúchadh seo? Nach bhfuil a fhios ag an Aire go gcuirfear deireadh leis an Údarás nó nach gcuirfear, cé nach bhfuil sé i gceist ag an Aire go gcuirfear deireadh leis an Údarás.
Comment on this
Ba mhaith liom a mhíniú don Teachta Mac Giolla nár dhúirt mise go raibh iniúchadh a dhéanamh ag Airí eile ar an Údarás. Tá iniúchadh a dhéanamh agamsa agus mo Roinn féin ar an Údarás. Tá iniúchadh a dhéanamh ag daoine ó Roinne na Seirbhise Poiblí, rud a tharlaíonn go hiondúil agus go minic agus, chomh maith leis sin tá iniúchadh a dhéanamh ar bhonn áirithe ag Comhchoiste an Tí seo, rud nach mbaineann liomsa go díreach no leis an Rialtas nó le Airí no le Aire ar bith sa Rialtas. An Teach seo a bhunaigh an comhchoiste agus tá siadsan i mbun oibre agus ag déanamh iniúchta chom maith. Glacfaidh chuile dhuine anseo, tá mé cinnte, go mba ceart domsa, sula a ndéanfaidh mé tada, fanacht go dtí go mbeidh toradh na scruduithe sin faighte agam le cinneadh a dhéanamh.
Comment on this
An bhéadfaidh an tAire a insint dom go díreach céard atá leagtha amach aige féin agus an Rialtas le muinín a chothú san Údarás, leis an droch-phoiblíocht seo a chur faoi chois agus a mharú go deo.
Comment on this
Ní mise atá ag caint faoi droch-phoiblíocht, agus mar a dúirt mé faoi dhó go dtí seo inniu, tá sé ciallmhar fánacht go dtí go gcuirfidh comhchoiste an Tí seo — comhchoiste ina bhfuil páirt ag daoine ón taobh sin se Teach — an tuarascáil ar fáil. Níl mise sásta agus ní bheadh sé ionraic nó ní bheadh sé féaráilte agam seasamh anseo inniu agus mo thuairimí féin agus an rud atá a dhéanamh agam a chur amach go poiblí go dtí go mbeidh an tuarascáil i mo láimh agam agus ag an bpointe sin is ormsa a thitfidh sé a rá go poiblí céard atá ar intinn agam. agus déarfaidh mé é sin.