Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.
d'Aire na Gaeltachta cén cinneadh atá tugtha aige ar an scrúdú a bhí ar siúl aige ar fheidhmeanna agus ar obair Údarás na Gaeltachta.
8. D'fhiafraigh
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta cén fáth gur cuireadh siar ainmniú chathaoirleach agus bhaill Údarás na Gaeltachta le haghaidh an lántéarma 1985-1990.
Comment on this
Tógfaidh mé Ceisteanna 7 agus 8 le chéile.
Amhail mar a d'fhógair mé nuair a bhí ceapacháin á ndéanamh agam le héifeacht ó 1 Aibreán 1985 is ceapacháin go dtí 31 Nollaig 1985 atá i gceist ó tharla scrúdú a bheith á dhéanamh agam ar fheidhmeanna agus ar obair Údarás na Gaeltachta. Tá an scrúdú sin ar siúl go fóill.
Comment on this
An bhfuil sé i gceist an cumhacht atá ag na daoine ata tofa ag muintir na Gaeltachta a bhaint dóibh agus nach mbeidh siad ag plé feasta le obair an Údáráis ach le cúrsaí soisialta, nach mbeidh baint ar bith acu le cúrsaí forbartha ná cúrsaí eacnamaíochta a bhaineann le forbairt na Gaeltachta.
Comment on this
Mar adúirt mé cheana sa Teach seo, tá scrúdú á dhéanamh ag Comhchoiste an Oireachtais ar an Údarás nach bhfuil críochnaithe go fóill. Tá scrúdú déanta ag Roinn na Seirbhíse Poiblí. Tá an tuarascáil sin ag na comhaltaí agus agamsa agus tá scrúdú de mo chuid féin á dhéanamh agam. Ó na trí cinn agam beidh me in ann a dhéanamh amach céard is fearr a dhéanamh. Níl tada socraithe go fóill.
Comment on this
An n-inseoidh an tAire dúinn cad chuige ar chuir sé an fiosrúchán seo ar siúl? An é nach bhfuil muinín aige as na baill tofa atá in Údarás na Gaeltachta?
Comment on this
Ni mise a chuir scrúdú Chomhchoiste an Oireachtais ar siúl, ach an Teach seo. Ni raibh tada le déanamh agamsa leis. Maidir leis an fiosruchán a bhí á dhéanamh ag Roinn na Seirbhíse Poiblí——