We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Seirbhísí Farantóireachta sna n-Oileáin.

Ferry services to Gaeltacht islands

Summary

Gallagher asks which Gaeltacht islands receive ferry services, what they cost, and whether there are plans for islands without service. The Minister lists State-supported services and funding for Cléire, Árainn Mhór and the Aran Islands, but says there is no specific plan for every island.

Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta céard iad na hoileáin Ghaeltachta a bhfuil seirbhísí farantóireachta curtha ar fáil dóibh, céard é costas na seirbhísí sin agus céard atá leagtha amach ag an Aire le teacht i gcabhair ar na hoileáin nach bhfuil aon seirbhísí farantóireachta acu.

Comment on this
Patrick O'Toole Aire na Gaeltachta (Mr. O'Toole) Fine Gael

Cuirtear seirbhís farantóireachta báid ar fáil le cabhair Stáit sna cásanna seo a leanas:

(1) Cléire — á reachtáil ag Coiste le cabhair airgid ó Roinn na Gaeltachta (deontas suas le £20,000 ceadaithe don bhliain seo móide iasacht speisialta £10,000).

(2) Árainn Mhór — á reachtáil ag Comharchumann Árainn Mhór Teo le cabhair airgid ó Údarás na Gaeltachta (timpeall £20,000 sa bhliain)

(3) Oileáin Árann — á reachtáil ag Córas Iompair Éireann

Sheas Roinn na Gaeltachta costas iomlán (£320,000) an bháid i gCléire agus sheas Udarás na Gaeltachta costas iomlán (£214,000) an bháid in Árainn Mhór. Cuireann Aer Árann Teo seirbhís rialta eitleáin go hOileáin Árann ar fáil le cabhair ó Údarás na Gaeltachta (£122,633 i 1984) agus cuireadh seirbhís thrialach héileacaptair chuig Toraigh ar fáil Feabhra-Márta i mbliana le cabhair ó Údarás na Gaeltachta (£4,755). Bíonn socruithe ar leith i bhfeidhm ar ndóigh ag An Post i ndáil le seachadadh litreacha etc chuig oileáin.

Comhairlítear dom go mbainfeadh costas de bhreis ar £1.5m le saoráidí calaíochta sásúla a fhorbairt i dToraigh a d'fhreastalódh ar sheirbhís farantóireachta don oileán sin agus nil caiteachas mar sin beartaithe faoi láthair.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An raibh aon teagmháil ag an Aire le Comhdháil na nOileán atá ag iarraidh cúrsaí a fheabhsú do mhuintir na n-oileán le áiseanna farantóireachta i gcoitinne a chur ar fáil?

Comment on this

Bhuail mé le muintir Chomhairle na n-Oileán ar ocáid amháin agus d'éist mé leo. Bhí a lán le plé acu agus chuir siad a lán ceisteanna orm. Glacaim leis nach bhfuil áis farantóireachta sásúil ar fud na n-oileán ar fad. B'fhearr liomsa go mór dá bhféadfáí feabhas a chur ar an scéal ach tá dul chun cinn mór déanta idir báid, eitleáin agus héileacaptair agus dé réir mar a thagann airgead breise chugainn béimid ábalta tuilleadh feabhais a chur ar na saoráidí sin.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An bhfuil aon phlean leagtha amach i gcóir gach oileán i gcaoi go mbeadh a fhios ag daoine i gceann trí bliana, cúig bliana nó deich mbliana céard tá in ann dóibh ó thaobh cúrsaí farantóireachta de — is é sin na hoileáin nach bhfuil — an áis seo curtha ar fáil dóibh go fóill?

Comment on this

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá an Roinn i gcónaí ag breathnú ar céard tá ag tarlú agus céard iad na háiseanna a bheadh ag teastáil amach anseo; ach níl aon phlean sonnrach maidir le chuile oileán.

Deputy Molloy rose.

Comment on this