We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Caiteachas ar Bhóthar Mhúscraí.

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid atá beartaithe aige a chaitheamh ar an bpríomh bhóthar trí Ghaeltacht Mhúscraí i 1986.

Comment on this

Os cúnamh ar mhaithe le bóithre áise a chuireann mo Roinnse ar fáil as an soláthar teoranta airgid a bhíonn ar fáil di ní fhéadfaí cabhair a thabhairt don bhóthar atá i gceist ag an Teachta.

Comment on this

An mbeidh aon airgead le haghaidh na hoibre seo i mbliana?

Comment on this

Ní bóthar áise é ach bóthar chontae. Go deimhin, is bóthair chontae ar fad atá ag dul trí Mhúscraí.

Comment on this