We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Deisiú Bóthar.

Donegal Gaeltacht road repair grants

Summary

The Minister said £16,600 was committed for Donegal roads, including £5,600 spent on roads approved in October and November, and that £39,700 in unspent 1984 grants had been carried forward. P. Gallagher criticised the timing and amount of funding; D. Gallagher questioned whether grants met the two-household eligibility rule. The Minister said grants followed the schemes and roads were selected in the usual way, but had no specific details on the roads in question.

Mr. Coughlan

d'Aire na Gaeltachta i ngeall ar an damáiste a tharla do bhóithre, iad sin nach bhfuil ar an gcontae, i nGaeltacht Thír Chonaill i rith an tsamhraidh i mbliana, an gcuirfidh sé airgead ar fáil le iad a dheisiú.

7. D'fhiafraigh

Comment on this

d'Aire na Gaeltachta cad iad na bóithre áise i gContae Dhún na nGall ar measadh deontas dóibh i nDeireadh Fómhair/ Samhain, 1985.

Comment on this
Alan M. Dukes Aire Airgeadais (Mr. Dukes) (ar son Aire na Gaeltachta) Fine Gael

Tógfaidh mé Ceist a 1 agus Ceist a 7 le chéile.

Seo a leanas na bóithre a ceadaíodh i nDeireadh Fómhair/Samhain 1985:

Tá an méid airgid is féidir le mo Roinnse a sholáthar i mbliana le haghaidh bóithre íoctha nó geallta cheana féin agus tá suim £16,600 geallta do bhóithre i nDún na nGall.

Soláthar £25,000 a bhí ar fáil i mbliana le haghaidh bóithre i meastacháin na Roinne. Níor éirigh leis na comhairlí contae áfach na hoibreacha a ceadaíodh Nollaig 1984 (.i. deontais £39,700) a dhéanamh sa bhliain sin agus tugadh cead dóibh na hoibreacha a dhéanamh i mbliana.

Chomh maith leis sin ceadaíodh deontais bhreise £23,370 i rith na bliana seo rud a fhágfaidh go mbeidh £63,070 le seasamh i mbliana.

Comment on this

Os rud é nach raibh na comhairlí chontae, go háirithe i nDún na nGall, in ann an t-airgead sin a chaitheamh mar nach raibh sé ar fáil go dtí taréis Nollag, an nglacann an tAire gur rud ró-ghlic a bhí ann gan an t-airgead curtha ar fáil ag an Rialtas ach go mall i mí na Nollag, agus coinníoll ann go gcaithfear an t-airgead roimh dheireadh na bliana? An gcuirfidh an tAire Airgeadais brú ar an Roinn gan rudaí mar sin a dhéanamh feasta ar mhuintir na Gaeltachta?

Comment on this

Ní ghlacaim gur cleas a bhí ann, go mór mhór os rud é gur thugamar ar aghaidh an £39,700 nár caitheadh i 1984 go dtí 1985.

Comment on this

Nach bhfuil dualgas ar an Aire níos mó airgid a chur ar fáil i mbliana, agus go gcaithfear é a chur ar fáil i rith na bliana nuair atá an aimsear feiliúnach chun na bóithre a dheisiú? Rud tábhachtach, an nglacann an tAire maidir le deisiú bóthar i rith Dheireadh Fómhair agus na Samhna go bhfuil an chuid is mó de na bóitre sin ag dul go dtí tithe ina bhfuil lucht leanúna Fhine Gael ina gcónaí iontu? An nglacfaidh sé nach raibh bóthar ar bith deisithe sna Rosanna, i gCloch an Fhaolaidh agus i nGaeltacht Lár nó Deisceart Dhún na nGall. Tá mé ag cur i leith an Aíre agus Roinn na Gaeltachta go bhfuil siad ag caitheamh airgid ar bhóithre ina bhfuil teach amháin agus nach bhfuil siad ag caitheamh airgid ar bhóithre cosúil le a bóthar chuig eastát tionscail na Doirí Beaga. Tá 800 daoine ag obair ansin agus níor caitheadh fiú amháin pingin rua ar an mbóthar sin. Tá a fhios agam nach é an Aire anois sa Teach a rinne é sin agus táim cinnte nach n-aontaíonn sé leis.

Comment on this

Is ráiteas a bhí ar siúl ag an Teachta in ionad ceist agus is olc an mhaise don Teachta a leithéid sin de ráiteas a dhéanamh sa Teach.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Nac bhfuil an chosúlacht ann ón fhreagra a thug an tAire gur cuireadh na deontais ar fáil do dhaoine nach raibh ach muirín amháin ar an mbóthar? An nglacann sé nach bhfuil sé sin ag teacht leis an Acht féin i dtaobh chaiteachas airgid — go gcaithfear ar a laghad dhá mhuirín a bheith ar an mbóthar sul ar féidir deontas a cheadú? Nach bhfuil cosúlacht ann go bhfuil rud éigin mí-cheart anseo, más fíor nach bhfuil ach teach amháin ag fáil deontais.

Comment on this

Bhí £5,600 mar chuid den chaitheachas a cuireadh i gcrích i mbliana i nDún na nGall. An t-iomlán i dtaobh Chontae Dhún na nGall ná £16,600. Caitheadh an tríú cuid de sin ar bhóithre ag a raibh deontais le fáil acu i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna i mbliana. Thug mé freagra beacht ar an cheist beacht a chuir an Teachta Coughlan orm.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níor thug an tAire freagra ar an cheist a chur mé chuige, nach bhfuil na deontais á gcaitheamh i gceart, nach bhfuil ach muirín amháin ar na bóithre ar caitheadh airgead orthu. Níl sé sin de réir an Achta féin i dtaobh bhóithre áirithe sa Ghaeltacht mar caithfear, ar a laghad, dhá mhuirín a bheith ar na bóithre.

Comment on this

Níl mion-eolas pearsanta agam ar na bóithre faoi leith atá i gceist. Ach ar an cheist atá curtha aige, táim sásta go bhfuil na deontais curtha ar fáil de réir na scéimeanna atá ann. Má tá clámhsán le déanamh ag an Teachta faoi seo, tá slí eile aige chun é féin a shásamh. Tá súil agam nach bhfuil sé ag rá nach cóir na deontais sin a íoc.

Comment on this

Nach bhfuil an tAire in ann chur in iúl don Teach an dóigh ina roghnaíodh na bóithre seo.

Comment on this

Sa gnáth shlí.

Comment on this