Unemployment and grants in Donegal Gaeltacht
Deputies pressed the Minister on unemployment, population growth and whether higher or restored grants were needed to attract industry; the Minister cited growth in supported employment and said the Authority and Department continued to provide support. He disputed claims of funding cuts, acknowledged that larger grants might attract more industry but could not commit to them, and offered to provide county grant figures, which were not available for Glencolmcille.
d'Aire na Gaeltachta cad atá á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta chun laghdú a dhéanamh ar an fhadhb mhór dífhostaíochta i nGaeltacht Thír Chonaill.
Comment on this
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn gach dícheall á dhéanamh acu chun tionscnaimh fhiúntacha a aimsiú a chuirfidh deiseanna fostaíochta breise ar fáil i nGaeltacht Dhún na nGall agus sa Ghaeltacht i gcoitinne. Mar thoradh ar na hiarrachtaí sin, bhí 1,937 nduine fostaithe go lánaimseartha ar 31 Nollaig 1984 i dtionscail sa chontae a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann/ón Udarás i gcomparáid le 1,508 ar 31 Nollaig 1980.
Comment on this
An nglacann an tAire go bhfuil daoine sa Ghaeltacht nach bhfuil obair le fáil acu agus go bhfuil dífhostaíocht níos airde san Ghaeltacht agus an gceapann sé go bhfuil gá le deontais níos áirde sa Ghaeltacht chun tionsclóirí a mhealladh isteach, mar a bhí le blianta roimhe seo?
Comment on this
Tá mé cinnte dá mbeadh deontais níos mó le fáil sa Ghaeltacht go meallfaí níos mó daoine isteach chun tionscail a chur ar bun. Is ceist airgid í sin. Ní dóigh liom gur féidir linn é sin a dhéanamh ar an bpointe seo. Ba mhaith liom a rá go bhfuil fostaíocht árd sa Ghaeltacht, níos áirde ná in áiteanna eile. Bhí ardú ar fhostaíocht sa Ghaeltacht ó 1,058 go 1,937 i rith treimhse ceithre bliana.
Comment on this
An nglacann an tAire go bhfuil árdu ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht go dtí an lá atá inniu ann agus an bhfuil an t-árdú fostaíochta dá réir sin?
Comment on this
Tá an-árdú i bhfostaíocht le tréimhse ceithre bliana. Tá sé beagnach 25 faoin gcéad. Glacfaidh an Teachta go bhfuil sé sin níos áirde ná in áiteanna eile. Tá árdú tagaithe ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht le cúpla bliain. Tá an ráta fostaíochta ard i gcomparáid le áiteanna eile. Tá fadhb ann le réiteach. Caithfhidh an tÚdarás cloí leis an obair agus feabhas a chur ar an scéal agus beidh tacaíocht le fáil uaimse agus ón Roinn.
Comment on this
An féidir leis an Aire a thuilleadh tacaíochta a thabhairt do na daoine chun fostaíocht a chur ar fáil nuair atá laghdú ar an gcuid airgid atá a fháil leis an obair sin a dhéanamh? Rud eile dhe, an nglacann sé go bhfuil gearradh siar ar dheontais chun seirbhísí a chur ar fáil le blianta beaga anuas? An nglacann sé gurb í an Ghaeltacht an áit is mó atá ardú ag teastáil i láthair na huaire?
Comment on this
Ní dóigh liom gur gearradh siar airgead don obair atá á déanamh ag an Údarás. Tá ag eirí go maith leo. Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart a rá nach mbeadh tacaíocht an Údaráis agus tacaíocht na Roinne le fáil.
Comment on this
Nach bhfuil sé fíor a rá go bhfuil an tAire ag gearradh siar in áiteanna a raibh deontais faoi leith le fáil acu?
Comment on this
Tá a fhios agam go bhfuil ardú ar an méid a bhí le fáil. Bhí tráth ann nuair nach raibh seirbhísí le fáil sa Ghaeltacht. Is é an polasaí a bhí ag an Roinn agus ag Gaeltarra Éireann nach bhféadfaí deontais a chur ar fáil go dtí go mbeadh na seirbhísí ar fáil. Tá mé ag breathnú ar an chaoi is fearr le deontais a chaitheamh ar sheirbhísí atá ar ceal sa Ghaeltacht agus go bhfuil gá leo.
Comment on this
An bhfuil sé ar chumas an Aire a insint dúinn an méid deontas a chaitheadh sa Ghaeltacht agus go mór mhór i nGleann Cholm Cille.
Comment on this
Tá faitíos orm nach bhfuil an t-eolas sin ar fáil. Nil agam ach figiúrí don chontae. D'fhéadfhainn an t-eolas a chur ar fáil don Teachta.
Comment on this
An nglacann an tAire gur gá airgead a chur ar fáil chun tionsclóirí a mhealladh isteach? An bhfuil se sásta athbhreithniú a dhéanamh?