We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Obair Thithíochta sa Ghaeltacht.

Conraitheoirí cláraithe i dtithíocht na Gaeltachta

Summary

Ón 1 Nollaig 1985, ní ghlacfar le hiarratais ar chúnamh feabhsúcháin gan uimhir chánach an chonraitheora; tá fógra den chineál céanna beartaithe do thithe nua. Dúirt na Teachtaí go gcuireann an riail bac ar thógáil agus ar fheabhsú tithe in áiteanna iargúlta agus ar oileáin, áit nach mbíonn conraitheoirí cláraithe ar fáil. D’admhaigh an tAire an deacracht, ach dúirt sé go bhféadfadh eisceachtaí an scéim a chur ó mhaith; bheadh sé sásta athbhreithniú a dhéanamh dá molfaí scéim indéanta.

Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist go mbeadh na rialacha a bhaineas anois le tógáil agus le deisiú tithe i.e. go n-ainmneofaí an conraitheoir a bheas ag déanamh na hoibre, á gcur i bhfeidhm ag an Aire in obair tithíochta a bheas ar siúl ins na Gaeltachtaí.

Comment on this

Is gá, ó 1 Nollaig 1985 ar aghaidh, uimhreacha cánach na gconraitheoirí a dhéanfaidh na hoibreacha a thabhairt sula bhféadfar glacadh le hiarratas ar chúnamh le haghaidh oibreacha feabhsúcháin faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht).

Cé nach mbaineann an coinníoll sin le tithe nua faoi láthair tá i gceist fógra faoi sin a chur amach go luath.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An nglacann an tAire go bhfuil deacrachtaí ag muintir na Gaeltachta tithe a thógáil ó cuireadh an riail sin i bhfeidhm? Cuireann sé isteach ar mhuintir na n-oileán go gcaithfidh an conraitheoir a bheadh ag déanamh na hoibre a ainmniú.

Comment on this

Tá súil agam nach bhfuil an Teachta ag cáineadh go ndearnadh é sin maidir le tithe nua. Nílim ag cur isteach ar an scéal. Tá cúis mhaith leis. Tá fadhbanna ann.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ní féidir le daoine sna hoileáin tithe a thógáil nuair nach mbeadh duine ar bith cláraithe mar chonraitheoir, agus muna mbeidh an obair seo le fáil acu ní bheidh aon obair le fáil acu. Cén chaoi a d'fhéadfá tithe a thógail ar oileán má chuirtear an riail sin i bhfeidhm?

Comment on this

Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí ann maidir leis sin. Is féidir leis an Teachta bheith cinnte go bhfuil cúis leis an riail sin. Níl an Teachta ag rá nach féidir le daoine ón mhor-thír tithe a fheabhsú agus a thógáil? Níl aon fath nach ndéanfaidís.

Comment on this

Tá áiteanna iargúlta taobh amuigh de na hoileáin. Tá a fhios ag an Aire go bhfuil go leor daoine san Ghaeltacht agus ar na hoileáin agus nach mbeidh siad ábalta feabhas a chur ar a dtithe. Glacaim leis an gcúis atá leis an riail, ach muna bhfuil siad ábalta an job a dhéanamh iad féin ba cheart eisceacht a dhéanamh.

Comment on this

Rinneadh scrúdú ar an gceist. Má tá an Teachta ábalta mise a shásamh gur féidir leis scéim a chur ar fáil maidir leis na daoine sin agus gur féidir é a chur i gcrích, tá mé sásta athbhreithniú a dhéanamh.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An nglacann an tAire go bhfuil na daoine atá i gceist againn ábalta dul ar aghaidh le tógáil nó le feabhsú tithe? Sílim go bhfuil a fhios ag an Aire go mbaineann sé le áiteanna iargúlta agus go mba cheart eisceacht a dhéanamh.

Comment on this

Glacaim go bhfuil fadhb ann ach tá fadhb le heisceachtaí chomh maith. Scriosfá an scéim ar fad dá ndéanfá eisceachtaí ar bhealach faoi leith. Mar a dúirt mé cheana, scrúdaíodh an cheist seo agus ní rabhthas in ann teacht ar scéim go bhféadfaí a chur i gcrích gan aon trioblóid a bheith léi.

Comment on this