We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Fostaíocht sa Ghaeltacht.

Gaeltacht employment and emigration

Summary

Moynihan and Gallagher raise concerns that lack of work is driving people, particularly young skilled workers, from the Gaeltacht. O’Toole cites rising employment supported by the Authority, including a further increase in 1985, and rejects the claim that no progress is being made.

d'Aire na Gaeltachta ó tharla go bhfuil méadú mór tagtha ar uimhir na ndaoine atá anois ag fágáil na Gaeltachta cheal oibre an inseoidh sé cén plean atá ag an Rialtas leis an tuile seo a chosc.

Comment on this

Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta d'fhonn fostaíocht shocrach a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ina gceantair féin agus mar thoradh ar an obair sin bhí 4,405 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann/ón Údarás ar 31 Nollaig 1984 i gcomparáid le 4,053 dhuine ar 31 Nollaig 1980. Measann an tÚdarás go léireoidh na figiúirí do 31 Nollaig 1985 méadú breise ar an bhfostaíocht ar an dáta sin.

Comment on this

An nglacfaidh an tAire leis go bhfuil na Gaeltachtaí ag dul chun deireadh go mór de bharr easpa fostaíochta agus de bharr an chaoi ina bhfuil an Rialtas ag caitheamh leis na Gaeltachtaí i láthair na huaire ó thaobh íocaíocht leasa shóisialaigh agus a leithéidí sin, go bhfuil an imirce ag teacht ar ais arís agus go bhfuil an t-aos óg oilte ag dul thar sáile agus gur caillteanas é sin don Ghaeltacht, don tír agus go mór mhór don teanga agus go bhfeicimid, de réir mar atá cúrsaí ag dul ar aghaidh i láthair na huaire, na Gaeltachtaí ag dul i léig in aghaidh an lae? Cén polasaí atá ag an Aire le cuidiú le muintir na Gaeltachta fanacht ina n-áiteanna féin agus a gcoinneáil sa bhaile?

Comment on this

Ní ghlacaim leis nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le fostaíocht sa Ghaeltacht. Bhí ardú ar fhostaíocht sa Ghaeltacht le tréimhse bliana nuair a bhí cúlú ar fhostaíocht go ginearálta sa tír. Tá méadú suntasach le feiceáil trí iarrachtaí an Údaráis cé go bhfuil a lán deacrachtaí mar atá a fhios ag an Teachta maidir le fostaíocht sa Ghaeltacht. Tá méadú mar sin féin ó 1984 go 1985 de 200; Ó 1982 go 1983 tá méadú de 85. Sin net figiúirí mar adearfá. Ní dóigh liom gur féidir a rá nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le fostaíocht. Glacaim go bhfuil daoine óga oilte ann agus go bhfuil sár-oideachas acu ach táimíd anois ag breathnú ar rudaí cosúil le achmhainní nádúrtha agus, tá an-dul chun cinn déanta le déanaí maidir le feirmeoireacht éisc agus tá áit do chéimithe ollscoile go bhfuil cáilíocht faoi leith acu.

Comment on this