Funding for Gaeltacht industry
Moynihan asks whether the Authority has enough funding to support employers and alleges that investors have been turned away because of cuts. O’Toole says more funding could attract investment but denies knowing of any investor refused support for lack of money.
An bhfuil a ndóthain airgid curtha ar fáil don Údarás chun tacaíocht a thabhairt do thionsclóirí atá sásta obair a chur ar fáil sa Ghaeltacht?
Comment on this
Sin ceist eile. Dá mbeadh níos mó airgid dhá chur ar fáil agus dá n-ardófaí an deontas tá mé cinnte go mbeadh dea-thoradh air sin agus go meallfaí níos mó daoine le infheistiú a dhéanamh sa Ghaeltacht. Mar adúirt mé cúpla nóiméad ó shin tá deacrachtaí ann maidir le caiteachas. Tá a fhios sin ag an Teach seo agus b'fhearr liom go mór dá mbeadh níos mó airgid agam le caitheamn sa Ghaeltacht ach níl sé agam.
Comment on this
Nach bhfuil sé fíor go bhfuil tionsclóirí caite uathu ag an Údarás de bharr ganntanas airgid? Nach bhfuil sé fíor go bhfuil tionscloirí ag dul chuig an Údarás atá sásta obair a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ach go gcaithfidh siad iad a chaith uathu de bharr gearradh siar ar an airgead?