Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Cúrsaí Samhraidh sa Ghaeltacht.
- Gaeltacht host family payments 7 speeches
Gallagher questioned the rates paid to Gaeltacht host families and argued the increase was inadequate; O’Toole cited a 20% rise in 1984, defended the support, and said he had not known of complaints. The 1986 rate is £3.10 per day.
Pat the Cope Gallagher, Patrick O'Toole, Thomas J. Fitzpatrick
- Parents’ costs for Gaeltacht courses 2 speeches
Moynihan said some parents struggle to afford host-family and college costs. O’Toole acknowledged possible difficulties but pointed to rising student numbers as evidence that participation was not falling.
Donal Moynihan, Patrick O'Toole
d'Aire na Gaeltachta cad é an ráta a íocadh le mná tí a chuir lóistín ar fáil do mhic léinn ar na cúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht i 1982, 1983, 1984 agus 1985; agus cén t-ardú atá socraithe do 1986.
Comment on this
Seo a leanas na rátaí a íocadh sna blianta a luaitear:
Ráta £3.10 in aghaidh an lae a bheidh iníoctha i mbliana.
Comment on this
Má tá suim ar bith ag an Rialtas seo in athbheocaint na Gaeilge nach ceart go dtabharfadh siad gach cuidiú do mhná tí na Gaeltachta chun cuidiú leis seo? An nglacann an tAire leis nach bhfuil brabach ar bith á dheánamh ag mná tí na Gaeltachta ag deireadh an tSamhraidh? Is é an t-aon bhrabach atá acu go bhfuil a fhios acu go bhfuil na daoine óga seo ag foghlaim na Gaeilge agus go bhfuil siad ag cuidiú le h-athbheocaint na Gaeilge?
Comment on this
Ardaíodh an deontas do na mná tí i 1984 20 faoin gcéad nuair a bhí an ráta boilscithe níos lú ná leath de sin. Ní féidir a rá nach bhfuilimid ag coinneáil suas leis an ráta boilscithe. Má bhreathnaítear ar na figiúirí tá na mná tí ag fáil chúnaimh agus níl siad ag brath air seo amháin. Mar atá a fhios ag an Teachta, níl anseo ach cuid bheag den teacht isteach a fhaigheann siad ó fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Tá údaráis na gcoláistí ag bailiú airgid ó thuismitheoirí na bpáistí seo agus cuirtear cuid de seo chuig na mná tí chomh maith. Agus le eolas a thabhairt don Teach maidir le hardú íocaíochtaí — i 1976 bhí £794,000 do na mná tí agus i 1985 bhí £1,110,601 agus tá sin níos mó ná 25 faoin gcéad, agus maidir le h-uimhir na ndaltaí a bhí i gceist is ionann í agus an ráta céanna — 16,400 i gcomparáid le 16,900. Is breá liom é sin a rá mar mura mbeadh na mná tí ann ní bheadh na cúrsaí ann agus ní bheadh foghlaimeoirí Gaeilge ann ach oiread, agus tá súil agam go bhfuil rud éigin acu as anois.
Comment on this
Níl mná tí na Gaeltachta sásta leis an airgead seo agus tá siad ag insint domsa nach bhfuil siad sásta agus nach bhfuil siad ábalta brath ar na daoine eile ag deireadh an lae agus muna bhfuil an Rialtas sásta ardú reasúnta a thabhairt ní doigh liom go mbeidh na daoine eile sásta ardú reasúnta a thabhairt. Ceapaim féin gur masla é ardú mar seo a thabhairt agus muna bhfuil a fhios ag an Aire b'fhéidir go nglacfadh sé uaimse nach bhfuil na mná tí sásta agus ba chóir don Aire agus don Roinn breathnú iomlán a dhéanamh ar an scéal seo.
Comment on this
Ní raibh a fhios agam go raibh mná tí na Gaeltachta ag clamhsán agus ag gearán. I 1982 ní bhfuair siad pingin rua agus tá mé cinnte go raibh siad ag clamhsán i bhfad níos mó an t-am sin.
(Cur isteach.)
Comment on this
Tá tuismitheoirí ann ar mhaith leo a gcuid leanaí a chur go dtí an Ghaeltacht ach tá sé níos deacra orthu an t-airgead a chur ar fáil chun na mná tí a íoc nó chun na costaisí coláiste a íoc.
Comment on this
B'fhéidir go bhfuil deacrachtaí ag tuismitheoirí a gcuid páistí a chur go dtí an Ghaeltacht ach níl sé sin le feiceáil sna h-uimhreacha atá ag dul ann. Bhí titim beagán ó 1983 go dtí 1984 ach bhí an-ardú ansin arís anuraidh. Níl a fhios agam. Ní féidir a rá ó na figiúirí atá agamsa anseo go bhfuil deacrachtaí faoi leith ag-tuismitheoirí. Tá na h-uimhreacha ag dul in airde agus sin é an cruthú.
(Cur isteach.)