We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Fostaoícht in Oileáin Árann.

Employment on the Aran Islands

Summary

The Minister reported 65 full-time and 103 part-time jobs in industries supported on the islands, with employment concentrated in electronics and knitting alongside services and crafts. Geoghegan Quinn questioned job-creation costs and argued that ending service-sector grants obstructed further employment; the Minister said manufacturing-led growth supports services and noted existing service jobs created with Údarás assistance.

d'Aire na Gaeltachta céard iad na tionscail atá bunaithe ag Údarás na Gaeltachta in Inis Meáin, Inis Oírr, Inis Mór Árann agus cén líon daoine atá ag obair i ngach tionscal.

Comment on this

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go raibh 65 dhuine fostaithe go lánaimseartha (44 dhuine ar Inis Mór, 19 nduine ar Inis Meáin agus beirt dhuine ar Inis Oirr) agus 103 dhuine go páirtaimseartha (54 dhuine ar Inis Mór, 31 dhuine ar Inis Meáin agus 21 dhuine ar Inis Oírr) ar 31 Nollaig 1985 i dtionscail ar na hoileáin sin a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann/ón Údarás. Baineann an chuid is mó den fhostaíocht lánaimseartha ar Inis Mór le tionscal amháin sa ghnó leictreónach agus an fhostaíocht lánaimseartha uile ar Inis Meáin leis an tionscal cniotála. Baineann an fhostaíocht pháirtaimseartha leis an tionscal séasúrach iascaireachta go príomha agus le seirbhísí riachtanacha.

Comment on this
Ruairí Quinn Mrs. Geoghegan Quinn Labour Party

An n-aontódh an tAire liom, go bhfuil costas cruthaithe post ar na hoileáin seo dhá thrian de mhéan chostas cruthaithe phost sa gcuid eile den tír?

Comment on this

D'fhéadfadh go bhfuil an ceart ag an Teachta ach ní doigh liom gur féidir comparáid díreach a dhéanamh idir costas cruthaithe post ar na hoileáin seo agus an costas céanna sa tír go hiomlán. Mar shampla, ar na tionnscail atá i gceist anseo tá cuid mhaith de chúrsaí iascaireachta, mar shampla, tá cuid mhaith bialanna, siúinéaireacht, céardaíocht de shaghasanna áirithe, postanna páirtaimseartha sa mhéid a bhaineann le aersheirbhísí chuig na hoileáin, cúrsaí óstáin, an tionscal cniotála, mar adúirt mé, cúrsaí leictreónacha — tá meascán eagsúil ar na hoileáin seachas a bhfuil sa chuid eile den tír.

Comment on this
Ruairí Quinn Mrs. Geoghegan Quinn Labour Party

An n-aontódh an tAire go bhfuil constaic mhór anois curtha ag Roinn na Gaeltachta, ag an Aire agus ag an Rialtas in aghaidh an Údaráis, mar go leor de na postanna a d'fhéadfaí a chruthú anois ar na hoileáin seo, is postanna iad sa roinn seirbhíse agus go bhfuil deireadh anois curtha ag an Aire le deontais sheirbhíse a chur ar fáil in aon cheantar taobh istigh de cheantair oibrithe an Údaráis, agus an aontódh sé gur constaic é sin le postanna, b'fhéidir, eile a chruthú?

Comment on this

Ní dóigh liom é. Ón dtaobh teoraiciúil tá sé de phrionsabal sa tír seo le fada anuas ag Rialtais éagsúla an bhéim a chur ar chruthú postanna i gcúrsaí tionsclaíochta déantúsaíochta ar an mbonn go leanann postanna sna seirbhísí ina dhiaidh sin a fhad is a bhíonn cúrsaí eacnamaíochta bunúsacha ag dul ar aghaidh go maith. Cruthaítear dá réir sin postanna i gcúrsaí seirbhíse. Ach mar adúirt mé tá cuid mhaith postanna i gcúrsaí seirbhíse curtha ar fáil cheana féin le cabhair ó Ghaeltarra agus ón Údarás.

Comment on this