We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Forbairt na nOileán Ghaeltachta.

d'Aire na Gaeltachta céard atá leagtha amach aige le forbairt iomlán a dhéanamh ar na hoileáin Ghaeltachta.

Comment on this

Bíonn tairbhe na scéimeanna éagsúla atá á reachtáil ag mo Roinnse agus ag Údarás na Gaeltachta ar fáil ar na hoileáin Ghaeltachta agus bíonn cabhair níos airde ná an gnáthráta deontais iníoctha sna hoileáin sin faoì Achtanna na dTithe (Gaeltacht) agus faoi scéimeanna áirithe de chuid mo Roinne.

Ina theannta sin tá plean forbartha don Ghaeltacht ar a n-áirítear na hoileáin Ghaeltachta, á ullmhú faoi láthair ag Údarás na Gaeltachta ar iarratas uaimse.

Comment on this