Gaeltacht Road Grants
The Minister said county councils were preparing prioritized road-improvement lists and cost estimates, so grants and spending by road type could not yet be determined. Of the total £200,000, he would assess applications for bog roads alongside other roads and consider the concerns raised.
d'Aire na Gaeltachta an n-ainmneoidh sé i gcás gach Gaeltachta an líon (a) bóithre áise (b) bóithre portaigh a bhfuil deontas le cur ar fáil ina leith i 1986.
8. D'fhiafraigh
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta cé mhéad atá á chaitheamh ar bhóithre Gaeltachta i ngach Gaeltacht i mbliana.
Comment on this
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 5 agus 8 le chéile.
Tá liosta, in ord tosaíochta, de bhóithre a bhfuil obair fheabhsúcháin de dhíth orthu á ullmhú ag mo Roinnse faoi láthair agus iarradh meastacháin chostais ina leith ó na comhairlí contae cuí. Nuair a bheidh an t-eolas uile ar fáil beidh ar mo chumas deontais a cheadú.
Comment on this
An bhfuil an tAire in ann insint duinn cén scair no céatadán den airgead a bheas ag dul do bhóithre portaigh a dheisiú?
Comment on this
Níl an t-eolas sin agan toisc nach bhfuil na liostaí ar fad againn go fóill. Tá scéal curtha amach agam chuig na comhairlí contae go gcaithfidh siad a bheith istigh faoi lár na míosa seo ionas go mbeidh mise ábalta cinneadh a dhéanamh i dtaobh dheontais faoi dheireadh na míosa seo; seo é an tuiscint atá agam air. Anois, ní feídir leat scair a chur i leathtaobh le haghaidh bhóithre portaigh go dtí go mbeidh a fhios agat cén leibhéal iarratas a bheas istigh ar bhóithre portaigh agus bóithre eile, agus ansin scair a dhéanamh nuair a bheidh an liosta ar fad agat. Tá an chuid is mó de na liostaí againn faoi láthair ach níl siad ar fad againn. Go dtí go mbeidh siad ar fad againn níl mé sásta aon chinneadh a dhéanamh faoi roinnt an airgid; níl na coibhnis agam ó na liostaí.
Comment on this
An bhfuil sé i gceist ag an Aire roinnt mhaith airgid a chur ar fáil do bhóithre portaigh, is é sin, nach mbeidh an t-airgead ar fad ag dul do bhóithre áise? An bhféadfadh sé a dhearbhú go mbeidh cuid den airgead ag dul le haghaidh bhóithre portaigh?
Comment on this
Mar atá a fhios ag an Teachta tá suim £200,000 ar fad san iomlán sa Vóta agus beidh mé ag breathnú ar na liostaí go bhfeicfidh mé cén coibhneas de sin mar iarratais atá istigh ar bhóithre portaigh. Tuigim an fhadhb agus tig leis an Teachta a bheith cinnte go ndéanfaidh mé mo dhícheall an fhadhb sin a réiteach.