We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Coláiste Lán-Ghaelach Mhaigh Eo.

Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil Roinn na Gaeltachta sásta aon tacaíocht a thabhairt lena chinntiú go leanfaidh Coláiste Mhuire. Tuar Mhic Éadaigh, mar scoil lán-Ghaelach.

Comment on this

Féadfar glacadh leis go dtabhairfaidh mo Roinnse aon tacaíocht is féidir d'fhonn an coláiste sin a choinneáil ar siúl mar scoil lán-Ghaelach ach caithfear a thuiscint go mbaineann an cheist go príomha leis an Roinn Oideachais.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Is maith liom go ndúirt an tAire go mbeidh sé sásta tacaíocht a thabhairt don choláiste seo. An bhfuil a fhios aige go bhfuil práinn leis an gceist seo i láthair na huaire agus go bhfuil gá go gcinnteofar go gcoinneofar an coláiste ar siúl mar scoil lán-Ghaelach, agus go mbeidh sé sásta an tábhacht atá leis an choláiste seo mar choláiste Gaeilge a chur ina luí ar a chairde, na hAirí eile sa Rialtas?

Comment on this

Glacaim leis an tábhacht agus leis an bpráinn atá leis seo mar choláiste Gaeilge sa Ghaeltacht san áit ina bhfuil sé suite agus an stair atá ag baint leis an choláiste. Glacaim go hiomlán lena bhfuil ráite ag an Teachta. A luaithe a fuaireamar amach céard a bhí ar intinn ag na mná rialta scríobh mé féin chuig mo chara, Aire Stáit na Roinne Oideachais, ag cur ina luí air an t-imní a bhí orm faoi seo agus go mbeinn sásta aon tacaíocht a b'fhéidir liom a thabhairt dó leis an fhadhb seo a réiteach agus sin an chaoi a bhfuil sé faoi láthair.

Comment on this