We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Bád Farantóireachta d'Oileán Chléire.

Replacement crane for Oileán Chléire ferry

Summary

Members asked for a suitable replacement crane on the island ferry, saying the existing one had never worked properly and was needed to unload essential supplies. The Minister said the Department was consulting the suppliers; while they blamed inadequate maintenance, the ferry operators disputed this. No replacement date was available, but the Minister acknowledged the urgency and said a decision would be made as soon as possible.

Joe Walsh Mr. J. Walsh Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta an gcuirfidh sé craein nua ar fáil láithreach i gcomhair An Naomh Ciarán, an bád farantóireachta d'Oileán Chléire; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi.

Comment on this

Tá na fadhbanna maidir le crann tógála an bháid sin á scrúdú ag mo Roinnse faoi láthair agus táthar i gcomhairle leis na soláthraithe sa chás.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An bhfuil a fhios ag an Aire gurb é atá á rá ag muintir na n-oileán nár oibrigh an rud i gceart ariamh agus go bhfuil gá le crann tógála ceart a chur ann le muintir na n-oileán a shásamh maidir le bia agus rudaí eile a thabhairt i dtír. An crann tógala ata acu faoi láthair níl sé feiliúnach do mhuintir na n-oileán agus ba mhaith leo go gcuirfí ceann nua ar fail a d'fheilfeadh le rudaí a chur i dtír.

Comment on this

Ní raibh a fhios agam an raibh locht ar an gcrann tógála seo ón gcéad lá. Deir daoine go raibh. Níor cuireadh mise in eolas faoi go dtí tús 1984 agus dúradh liom go riabh fadhb leis an gcrann. Anois ní féidir é a oibriú. Chuaigh mé i dteangmháil leis na daoine a sholáthraigh an crann tógála. Dúirt siadsan gur easpa chothabhála a bhí air agus gurb shin é an fáth nárbh fhéidir é a úsáid. Ní ghlactar leis sin. Deir na daoine atá i mbun an bháid nach bhfuil sé seo fíor agus níl aon dul chun cinn déanta ar an mbóthar sin, ach tig leis an Teachta agus an Teachta a chuir an cheist síos a bheith sásta go nglacaim leis go bhfuil fadhb ansin, go gcaithfear le go mbéifí in ann úsáid cheart a bhaint as an mbád farantóireachta seo go mbeadh crann tógála a bheadh in ann oibriú ar an mbád. Tá caiteachas ard ag baint le crann nua ach caithfear cur suas leis sin agus an crann a chur ar fáil. Glactar leis sin go hoifigiúil agus glacaimse leis.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá mé sásta go bhfuil eolas ag an Aire faoin gceist agus go bhfuil gníomh éigin ar siúl ag Roinn na Gaeltachta faoin scéal ach an mbeidh sé in ann cinneadh a thabhairt ar cén dáta a chuirfear an ceann úr ar fáil nó cén uair a chuirfear an t-airgead ar fáil le crann tógála úr a chur ar fáil?

Comment on this

Níl, ach tuigim an phráinn atá leis seo. Ní haon mhaith bád farantóireachta a bheith ansin le freastal ar phobal oileáin muna bhfuil crann tógála ann a bheidh in ann an job a dhéanamh. Tá an rud sin idir lámha faoi láthair agus déanfar cinneadh a luaithe agus is féidir.

Comment on this