We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ionad AnCo i nGaillimh.

AnCO Galway training centre move

Summary

Molloy asks why AnCO’s move into the vacant former Crown Controls building has been delayed, noting its deterioration and the cost of protecting it. Kenny says financing options remain under discussion: the Finance Department favours AnCO buying and refurbishing the building from its capital allocation, which is not currently feasible, while alternatives include an IDA property-and-land exchange and a Hillview Securities proposal.

den Aire Saothair cad is cúis leis an moill atá ag baint le hIonad Traenála AnCO i nGaillimh a aistriú chuig foirgneamh folamh "Crown Control" sa Bhaile Bán, Gaillimh, mar a fógraíodh roimh na toghcháin áitiúla i 1985.

Comment on this

Tá na módhanna éagsúla ina bhféadfaí an t-aistriú seo a airgeadú á scrúdú fós féachaint leis an aistriú a chur i gcrích ar a laghad costais don Stát Chiste agus is féidir.

Comment on this

An bhfuil sé i gceist ag AnCO dul isteach san fhoirgneamh atá folamh agus a bhí ag Crown Controls fadó?

Comment on this

Tá imeachtaí AnCO i gcathair na Gaillimhe scaipthe thar sé ionaid ar an eastát tionsclaíoch agus tá siad siúd ar cíos acu ón Údarás Forbartha Tionscail. Tá tairiscint faighte ag AnCO ón Údarás faoin a ndéanfadh AnCO na hionaid seo atá acu faoi láthair a mhalartú ar fhoirgneamh Crown Controls. Chomh maith leis sin cheannódh an tÚdarás an t-ocht n-acraí ó AnCO. Tá moltaí eile faoi airgeadú an mhalartú á bplé faoi láthair agus níl toradh tagtha ó sin go fóill.

Comment on this

An bhfuil a fhios ag an Aire gur cuireadh amach ráiteas dhá bhliain ó shin go raibh sé i gceist ag AnCO an foirgneamh seo a ghlacadh faoi chíos nó é a cheannach — níl mé cinnte cén chaoi a bhí i gceist acu — ach go raibh sé i gceist go rachadh AnCO isteach san fhoirgneamh atá folamh. Ón am sin i leith tá an foirgneamh folamh, tá an-damáiste déanta ann; leis an fhírinne a rá tá na céadta míle punt damáiste déanta san fhoirgneamh in a raibh Crown Controls lonnaithe roinnt blianta ó shin. Tá na mílte punt á gcaitheamh ag an Stát chun an áit a chosaint. Cén fáth go bhfuil an Stát ag déanamh moille chomh mór sin, mar tá cailliúint uafásach de bharr na moille sin?

Comment on this

Cuidíonn an Roinn Saothair leis an aistriú agus bíodh nach bhfuil an Roinn Airgeadais ina choinne, níl siad sásta leis an mbeartas atá á mholadh leis an aistriú agus cóiriú Crown Controls a airgeadú. Measann an Roinn Airgeadais gur cóir do AnCO Crown Controls a cheannach agus a chóiriú as a mheastachán caipitil, rud nach bhfuil indéanta faoi láthair. Dúirt mé go bhfuil moltaí eile á bplé faoi láthair i leith airgeadú an aistrithe seo agus is iad siúd ná (1) go ndíolfaí an foirgneamh le Hillview Securities; (2) go ndéanfadh Hillview Securities an foirgneamh a athchóiriú as a gcostas féin len é a chur in oiriúint do AnCO ar choinníoll go mbeadh AnCO sásta comhaontú a dhéanamh mar go dtógfadh an tÚdarás Forbartha Tionscail an foirgneamh athchóirithe ar léas ó Hillview Securities ar an dtuiscint go dtógfadh AnCO an foirgneamh ar fholéas ón Údarás ar na coinníollacha céanna.

Comment on this