We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Army Transport.

Army transport condition and investment

Summary

Treacy challenged the state of Army transport and pressed for new vehicles, citing the Army Chief of Staff’s comments in the newspapers. The Minister said two-thirds of vehicles were under ten years old, safety standards were high and £5 million was being provided, while disputing the press reports and saying he need not answer every newspaper statement.

An bhfuil díomá ar an Aire go raibh Ceann Foirne an Airm ag labhairt amach i bpáipéirí nuachta an tráthnóna cúpla seachtain ó shin mar gheall ar an bpáirt sin den Arm agus an bhfuil aon socrú déanta aige chun airgead a chur isteach san áit iompair den Arm?

Comment on this

A Cheann Comhairle, Níl an cás mar adeir an Teachta. Tá dhá dtrian den uimhir fheithiclí atá san Arm faoi dheich mbliana d'aois agus tá caighdeán sábhála an-ard á chur ar fáil san Arm. Tig leis an Teachta agus an Teach a bheith cinnte nach gcuirtear ar an mbóthar aon rud nach bhfuil in ord agus nach bhfuil faoi ghnáthchaighdeán sábhála san Arm. Mar a dúirt mé, tá caighdeán sábhála an-ard ag an Arm, agus mar a deirim, tá dhá dtrian faoi dheich mbliana agus trian eile os cionn deich mbliana agus, cuir i gcás i mbliana, tá cúig mhilliún, punt le caitheamh ar an gcuid seo. Cúig mhilliún, agus tig leis an Teach seo a bheith cinnte go bhfuil leoraithe agus carranna á gceannach agus go bhfuil seanchinn á ndíol agus go dtarlaíonn sé sin bliain i ndiaidh bliana.

Comment on this

Deirtear go bhfuil cuid de na leoraithe agus na rudaí eile san Aonad Iompair den Arm agus sa pháirt den Roinn Cosanta atá ag baint leis an aonad sin ar na cosa deiridh, agus tá a fhios ag gach duine go bhfuil sé sin amhlaidh. Agus tá a lán rudaí ag goilliúint ar an gCór Iompair agus nach bhfuil an t-am caite chun an t-airgead a chur isteach agus leoraithe nua agus slí iompair nua a chur ar bun do Arm na tíre agus, ar ndóigh, chun cosaint mhuintir na tíre.

Comment on this

An freagra a thug mé ar an Teachta, tá airgead á sholáthar. An inseodh an Teachta domsa — tá sé ag caint ar leoraithe — an leoraithe atá ar na cosa deiridh nó ar an dé deiridh? Má tá seisean ábalta é sin a insint domsa, suífidh mé síos.

Comment on this

An ráiteas a thug Ceannasaí an Airm do na páipéir nuachta tráthnóna, tá mise lánsásta leis, agus sin an chaoi. Is ar an Aire atá mé ag brath chun an scéal a chur i gceart.

Comment on this

An bhfuil orm seasamh suas anseo agus freagairt do rud atá ar pháipéar an tráthnóna a léann an Teachta — agus cuid de nach bhfuil fíor ar chor ar bith? Tá a fhios ag muintir an Tí go háirithe nach ceart dó gach uile rud dá léann sé a chreidiúint. Níl sé fíor agus——

Comment on this

Mura bhfuil na rudaí sin fíor, cén fáth nár chuir an tAire ráiteas amach chun é sin a rá go poiblí?

Comment on this

Ní gá domsa gach uile ráiteas a fheicim ar pháipéar a leanacht agus a chur amach ar a cheann.

Comment on this