We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers. - Gleás Taistil do Oileán Mhaigh Eo.

Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta tacaíocht a thabhairt chun gléas taistil don mhórthír a chur ar fáil do mhuintir Oileán Inis Bigile, Contae Mhaigh Eo.

Comment on this
Patrick O'Toole Aire na Gaeltachta (Mr. O'Toole) Fine Gael

Fuarthas iarratas ar chúnamh sa chás seo ach ag féachaint don chostas mór a bhainfeadh le seirbhís dá leithéid, caithfear é a mheas i gcoimhlint le tograí costasacha eile a bhfuil cúnamh iarrtha ina leith. Déanfar cinneadh faoin iarratas a luaithe is féidir.

Comment on this