Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Kerry Gaeltacht Employment.
asked the Minister for the Gaeltacht the plans he has to provide employment in (a) the West Kerry Gaeltacht and (b) the South West Kerry Gaeltacht; and if he will make a statement on the matter.
Comment on this
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn gach dícheall á dhéanamh acu chun tionscail fhiúntacha a aimsiú a chuirfidh deiseanna fostaíochta breise ar fáil i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus i nGaeltacht Uíbh Rathach. Mar thoradh ar na hiarrachtaí sin bhí 281 dhuine fostaithe go lánaimseartha ar 31 Nollaig 1985 i dtionscail sa chontae a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann/ón Údarás i gcomparáid le 258 nduine ar 31 Nollaig 1984.
Comment on this
Os rud é go bhfuil an imirce tagaithe ar ais arís an aontódh an tAire go bhfuil gá le níos mó iarrachta ó Údarás na Gaeltachta i ngach Gaeltacht agus go mór-mhór sa Ghaeltacht seo, agus an bhfuil aon phlean ag an Údarás anois le cur le fostaíocht san gceantar sin?
Comment on this
Tá, agus tá tograí faoi leith á bplé faoi láthair le cur leis an fostaíocht. Maidir le fostaíocht sa cheantar sin, tá oifigigh ansin de chuid an Údaráis ar bhun lánaimseartha le aon cheisteanna a fhreagairt do dhaoine a bhfuil suim acu tograí a bhunú. Galcaim gurb é sin áit amháin nach bhfuil an dul chun cinn go mba mhaith liomsa a fheiceáil ann leis na blianta.
Comment on this
An bhfuil an tAire sásta go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag cur a ndóthain béime i gCiarraí Thiar agus i gCiarraí Theas?
Comment on this
Níl a fhios agam faoi na ceantair faoi láthair i gCiarraí Thiar nó i gCiarraí Theas: táimse ag plé le Ciarraí mar chontae. Bhí dul ar cúl ansin ar feadh aimsire, ach níl mé cinnte an ar mhuintir na h-áite nó cé air atá an locht. Chomh fada agus is eol dom, ní féidir an mhéar a shíneadh ar an Údarás agus a rá nach iad san atá ag déanamh na hiarrachta, mar tá iarracht á déanamh acu ann.