We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aerstráice i gContae Dhún na nGall.

d'Aire na Gaeltachta an léireoidh sé na pleananna chun tuilleadh forbartha ar aerstráice Charraig Fhinn, Contae Dhún na nGall, agus an dtabharfaidh sé ráiteas fá dtaobh de.

Comment on this

Tá obair mhór forbartha curtha i gcrích ar an aerstráice sin le blianta beaga anuas ar a n-áirítear dromchla crua, soilsí, sconsaí cosanta agus treallamh eitleoireachta. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé socraithe tairiscintí a lorg go poiblí ó dhreamanna a mbeadh suim acu agus a mbeadh ar a gcumas an t-aerstráice a ghlacadh ar léas chun é a reachtáil agus a fhorbairt ar bhealach iomchuí. Tá fhios ag daoine a bhfuil suim acu sna Gaeltachtaí go bhfuil sé socraithe anois tairiscintí a lorg go poiblí ó dhreamanna a bhfuil suim acu agus a bheidh ar a gcumas an t-aerstráice a ghlacadh ar léas chun é a reachtáil agus a thabhairt ar bhealach forbartha.

Comment on this

Déanann 4,500 daoine úsáid as an aerstráice seo taobh istigh de sé mhí, agus tá súil agam go mbeidh an méid céanna nó níos mó ann amuigh anseo. Bhfuil fhios ag an Aire nach bhfuil na háiseanna ansin ábalta freastal a dhéanamh ar na paisinéaraí seo. Mar shampla, níl oifigí riaracháin ann mar ba cheart, níl bialann mar is cheart, agus go leor rudaí eile. Tá fhios againn nach féidir linn gach rud a fháil chomh luath agus ba mhaith linn, ach an féidir oifigí riaracháin, bialann agus seomra feithimh a chur ar fáil go luath?

Comment on this

Tá a lán déanta ág baill an Údaráis faoi sin. Tá siad sásta é a ligint ar léas do dhuine nó comhlacht ar bith a bhfuil suim acu ann agus a bheidh ar a gcumas an sórt oibre seo a dhéanamh. Glacaim in iomlán leis an bprionsabal sin. Chuir an tÚdarás ar fáil an bunstruchtúr agus ba cheart don Údarás ligint do dhaoine a bhfuil suim acu ann an obair a dhéanamh — na háiseanna breise atá ag teastáil go géar a chur ar fáil. Ba mhaith liom tréaslú leis na daoine a raibh páirt acu san obair go dtí seo, mar chuaigh os cionn 5,000 paisinéirí trí i mbliana suas go dtí Mí Lúnasa. Bhí mé i dTír Chonail faoi dhó i rith an tsamhraidh, agus deirtear go mbeidh suas le 12,000 daoine ag déanamh úsáid den aerstráice suas go dtí Nollaig na bliana seo chugainn, agus caithfear na háiseanna seo a chur ar fáil ar bhun proifisiúnta.

Comment on this

An bhfuil an tAire ag rá nach mbeidh an Roinn sásta níos mó airgid a chur ar fáil muna mbeimid ábalta ligint do dhaoine eile an obair seo a dhéanamh?

Comment on this

Ní dúirt mé sin. Dúirt mé go mbeadh daoine agus suim acu in aerthaisteal in ann obair mar seo a dhéanamh; níl daoine mar sin san Údarás, agus ní orthu atá an locht — seo rud nua nach bhfuil taithí acu air.

Comment on this

Ceist ar an Aire: Cén t-am ar socraíodh rudaí mar seo a ligin amach ar léas, agus an bhfuil aon socrú déanta an fhad a mhairfidh an léas — bliain, nó cúig bliain? Ní amháin go mbrathann a lán daoine san réigiún sin air ach brathann a lán tionsclóirí air ó Mhéiriceá agus áiteanna eile. An bhfuil aon seans go ndéanfar úsáid as chiste Anglo-Éireannach anseo?

Comment on this

Rinne an tÚdarás cinneadh ar 17 Deireadh Fómhair maidir le tréimhse an léis, ach níl an t-eolas sin agam — níl fhios agam faoi fhad an léis.

Comment on this