Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Nuachtán Anois.
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon léirmheas déanta ag Roinn na Gaeltachta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an bhfoilseachán Gaeilge Anois agus an inseoidh sé cé mhéad cóip atá á ndíol in aghaidh na seachtaine.
Comment on this
Bíonn mo Roinnse i deeagmháil le foilsitheoirí Anois dé réir mar is gá faoin gconradh atá i bhfeidhm leo. Tuigtear ó Anois Teo gur bhain siad meándíolacháin seachtainiúl timpeall 5,600 amach sa ráith dar chríoch 30 Meitheamh, 1986.
Comment on this
Bíonn mo Roinn-se i dteangmháil le foilsitheoirí Anois de réir mar is gá faoin gconradh atá i bhfeidhm leo.
Comment on this
Bhfuil an tAire sásta go bhfuil bail cheart ar an bpáipéar i gcaoi go mbeadh an pobal in ann é a fháil? Agus an bhfuil sé sásta go bhfuil luach a gcuid airgid á fháil ag Roinn n Gaeltachta as an socrú seo?
Comment on this
Caithfidh mé a rá nach bhfuilimse sásta leis an uimhir cóip atá á ndíol in aghaidh na seachtaine — bhí mé ag súil le i bhfad níos mó. Agus, maidir le dáileachán, fágtar é sin faoin gcomhlacht agus bheinn ag súil go ndéanfaidís gach iarracht dáileachán ceart a dhéanamh air, dá mbeidís leis an díolachán a chur suas chomh hard agus is féidir.
Comment on this
Ag éirí as sin, cé mhéid airgid atá an Roinn ag tabhairt don pháipéar sin gach seachtain?
Comment on this
An bhfuil tú ag rá go bhfuil an Roinn ag tabhairt dachad pingin nó mar sin ar gach páipéar atá á dhíol. Tá sibh ag tabhairt deontas 40p?
Comment on this
Táimíd ag íoc 40p ach má chuirtear é sin i gcomparáid le fordheontais a íoctar le áisíneachtaí eile atá ag cur rudaí cultúrtha ar fáil is beag an méid é. Má chuireann tú ceist faoi Amharclann na Mainistreach gheobhaidh tú amach go bhfuil fordheontas in aghaidh an tsuíocháin ansin in aghaidh na hoíche i bhfad níos airde ná 40p.