We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Public Services for Foreign Dignatories.

Defence Forces housing

Summary

Molloy asked about Defence Department housing, its condition, repairs and replacement. The Minister said 724 married quarters were in use, gave no figures for unsuitable homes or annual building and repairs, and said unusable homes were left vacant; a £5 million grant for soldiers in county council housing would help.

The source of the information was not reliable on this occasion.

Áiteanna cónaithe ag an Roinn Cosanta.

13. D'fhiafriagh

Comment on this

den Aire Cosanta cé mhéid áiteanna cónaithe atá ag an Roinn Cosanta agus cé na háiteanna ina bhfuil siad suite, an gá feabhsúcháin nó athsholáthar agus an gcuirfidh sé in iúl an obair atá riachtanach i ngach cás.

Comment on this

Ar an mbun gur ceathrúna pósta d'oifigí agus do shaighdiúiri atá i gceist, tá an freagra i bhfoirm ráiteas tablaí agus beartaím é a dháileadh leis an Tuairisc Oifigiúil.

Déantar deisiúcháin agus feabhsúcháin ar na ceathrúna seo go léir ó am go ham mar is gá, ag brath ar an acmhainn atá ar fáil don gnó sin. Níl aon phlean chun sean ceathrúna neamhfhóinteach a athshol-áthrú — de gnáth dúntar iad chomh luath is atá siad folamh.

Ráiteas

Ceathrúna Pósta

Comment on this

An amhlaidh go bhfuil a lán de na háiteanna cónaíthe neamhoiriúnach agus go bhfuil gá len iad a leagadh nó iad a dheisiú? Agus an bhféadfadh sé a chur in iúl don Teach cé mhéid de na tithe cónaithe atá faoi chúram a Roinne atá mí-oiriúnach le daoine a bheith in a gcónaí iontu, agus cén plean atá aige?

Comment on this

Tá an freagra i bhfoirm tábla, ach maidir leis na cinn atá mí-oiriúnach, níl an t-eolas sin agam. D'fhéadfainn a rá go bhfuil 724 ceathrúna pósta in usáid.

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

A portion of this question was answered by way of a tabular statement and portion was answered verbally. It is not in order to ask supplementary questions on the tabular statement part of the answer, but the Deputy may ask questions on the other part.

Comment on this

Cén plean atá ag an Aire chun tithe nua a chur in áit na 724 tithe a luaigh sé?

Comment on this

Maidir leis na 724 tithe, tá a leath díobh sin nua. Níl aon fhigiúir agam faoin méid atá mí-oiriúnach ach, mar a dúirt mé leis an Teachta, na cinn atá mí-oiriúnach agus nach bhfuilimid ábalta caoi a chur orthu, tá siad á bhfágáil folamh. Tá úsáid anois á baint as an deontas £5 mhilliún i gcás saighdiúirí atá in a gcónaí i dtithe curtha ar fáil ag na comhairlí contae. Tá sé sin réitithe anois.

Comment on this

An réiteoidh sé an fhadhb?

Comment on this

Cuideoidh sé leis.

Comment on this

Cé mhéid tithe a tógadh agus cé mhéid tithe a deisíodh i mbliana?

Comment on this

Níl an t-eolas sin agam, ach sin ceist eile ar aon nós.

Comment on this