We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Feabhsú Chéibh.

Inis Oírr pier improvements

Summary

Geoghegan-Quinn said the pier was in poor condition and bad weather disrupted the island’s ferry, and urged the Minister to expedite the OPW inquiry. Kenny said no further improvements were planned for now, but agreed to pursue urgently the ongoing discussions about equipment for hauling boats out of the water.

Máire Geoghegan-Quinn Mrs. Geogheagan-Quinn Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta cé na pleananna atá aige chun feabhsúcháin riachtanacha a thionscnamh ar Chéibh Inis Oírr. Oileáin Árann.

Comment on this

Tá mo Roinnse i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí agus leis an gcomharchumann ar an oileán maidir le socruithe a bheadh oiriúnach chun báid a tharraingt aníos as an uisce ag an áit sin. Thairis sin níl aon oibreacha feabhsúcháin breise beartaithe ag mo Roinnse don áit ag an bpointe seo.

Comment on this

An n-aontódh an tAire Stáit go bhfuil drochbhail ar an gcé agus go bhfaca roinnt againn é le déanaí, gurb é an t-aon chóras leanúnach farantóireachta atá ag an oileán faoi láthair agus i ndrochaimsir go bhfuil deacrachtaí faoi leith ag an mbád. Chun gur féidir é sin, b'fhéidir, a fheabhsú ar bhealach amháin nó ar bhealach eile tá feabhsúcháin riachtanacha ag teastáil faoi láthair, agus an mbeadh an tAire Stáit sásta iarraidh ar Oifig na nOibreacha Poiblí deifriú lena bhfiosrúchán fad is a bhaineann sé leis an scéal?

Comment on this

Déanfaidh mé, cinnte. Tá a fhios ag an Teachta, go raibh crann tógála soghluaiste á lorg ag bainisteoir an chomharchumainn agus go raibh Oifig na nOibreacha Poiblí ag rá go mbeadh sé oiriúnach crann tocrais nó "which" a chur ar fáil ansin. Tá an díospóireacht sin ar siúl fós. Beidh me ag plé an scéil go práinneach le muintir Oifig na nOibeacha Poiblí.

Comment on this

Bheinn buíoch dá ndéanfadh an tAire Stáit é sin mar fhad is atá an díospóireacht sin ag dul ar aghaidh idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Roinn na Gaeltachta, is iad muintir na n-oilean atá thiar leis.

Comment on this