Support for Comhdháil na nOileán
The Minister says his Department works with island communities through cooperatives and makes development schemes available, including enhanced housing grants for Gaeltacht islands.
d'Aire na Gaeltachta, ó tharla go bhfuil tábhacht faoi leith ar mhaithe le muintir na n-oileán Gaeltachta san obair atá ar siúl ag Comhdháil na nOileán, an bhfuil sé sásta cuidiú leo ina n-iarrachtaí le feabhas a chur ar shaol sóisialta agus eacnamaíochta na bpobal Gaeltachta ar na hoileáin Ghaeltachta.
Comment on this
Bíonn mo Roinnse i dlúth-theagmháil rialta le pobail na n-oileán Gaeltachta, go háirithe trí na comharchumainn atá ag feidhmiú ar a mbunáite, agus táim sásta gurb é sin an bealach is fearr chun fadhbanna a aithint agus teacht ar shlite lena réiteach. Bíonn tairbhe na scéimeanna éagsúla atá á reachtáil ag mo Roinnse agus ag Údarás na Gaeltachta ar fáil ar na hoileáin Ghaeltachta agus bíonn cabhair níos airde ná an gnáthráta deontais iníoctha sna hoileáin sin faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) agus faoi scéimeanna áirithe de chuid mo Roinne.