We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Comhdháil na nOileán.

Ferry services for the Gaeltacht islands

Summary

Geoghegan-Quinn asks about a Comhdháil na nOileán report on an Aran ferry system and stresses the importance of reliable ferry services to island economies. Kenny lacks information on the report but promises to obtain it and respond.

Ar Chuir Comhdháil na nOileán cogar ar aghaidh le gairid chuig an Rialtas ó fhochoiste Chomhdháil na nOileán faoi chóras farantóireachta d'Árann? Tuigim gur cuireadh é sin ar aghaidh. An bhfuil sé ag teacht os comhair an Rialtais go fóill nó ar iarradh ar Aire na Gaeltachta aon chinneadh a dhéanamh ina leith sula dtiocfadh sé chuig an Rialtas?

Comment on this

Níl an t-eolas sin agam faoin tuarascáil a bhfuil an Teachta ag caint fuithi. Ach gheobhaidh mé an t-eolas sin dí.

Comment on this

An aontódh an tAire Stáit gur cúrsaí farantóireachta na cúrsaí eacnamaíochta is tábhachtaí do phobal Gaeltachta na nOileán ar fud an chósta? Agus is ionadh liom, ó tharla go bhfuil ceist anseo faoi chúrsaí eacnamaíochta, nach mbeadh eolas ag an Aire Stáit os a chomhair amach faoi choiste farantóireachta nó faoi chóras ceart farantóireachta a chur ar fáil do na hoiléain tri chéile.

Comment on this

Tá a fhios agam go bhfuil an t-ábhar sin an-tábhachtach, ach ní hí sin an cheist a cuireadh chuig an Roinn anseo, ach mar a dúirt mé, gheobhaidh mé an t-eolas agus cuirfidh mé scéal chuig an Teachta.

Comment on this