We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers. - Labhairt na Gaeilge.

Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta ó tharla go nglacann sé leis go bhfuil laghdú ag teacht ar labhairt na Gaeilge mar theanga pobail i gcuid de na Gaeltachtaí, an mbeadh sé sásta cabhair airgid a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta le ceann dá phríomhaidhmeanna a thabhairt chun críche i.e. caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar theanga labhartha sa Ghaeltacht a spreagadh.

Comment on this
Patrick O'Toole Aire na Gaeltachta (Mr. O'Toole) Fine Gael

Caitheann Údarás na Gaeltachta méid áirithe airgid go sonrach ar fhorbairt theanga agus tugtar sonraí i dTuarascálacha agus Cuntais Bhliantúla na heagraíochta. Ar ndóigh is ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht atá an t-airgead ar fad a chuirtear ar fáil do mo Roinnse agus don Údarás le caitheamh agus tá forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta agus caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Gaeltacht fite fuaite lena chéile.

Comment on this