Written Answers. - Departmental Bodies.
asked the Minister for the Gaeltacht if he will give details of the statutory bodies currently under the aegis of his Department; the total number of persons other than civil servants appointed by him to these bodies; the number of such persons whose current address is outside the State; and the total number of such persons with current addresses within each separate county in the State.
Comment on this
Tá trí chomhlacht reachtúla faoi scáth mo Roinne agus is mar seo a leanas an t-eolas a iarradh ina leith:
Údarás na Gaeltachta: Bíonn seisear chomhalta as trí chomhalta dhéag le ceapadh agam agus is daoine nach stát- seirbhisigh iad cúigear den seisear atá ceaptha. Tá cónaí ar dhuine amháin i gCo Dhún na nGall; ar dhuine amháin i gCo Mhaigh Eo; are dhuine amháin i gCo na Gaillimhe agus ar bheirt i gCo Chiarraí.
Bord na Gaeilge: Bíonn an Bord in iomlán (dhá chomhalta dhéag ar a mhéid) le ceapadh agam agus is daoine nach státseirbhísigh iad deichniúr den dáréag atá ceaptha. Tá cónaí ar cheathrar i gCo Bhaile Átha Cliath agus ar dhuine amháin i ngach ceann de na contaetha seo a leanas: Dún na nGall. Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí agus Port Láirge. Tá cónaí ar dhuine amháin i dTuaisceart na hÉireann.
Arramar Teoranta: Mar phríomhscairshealbhóir bíonn triúr stiúrthóir as an gcúigear ar an mbord le hainmniú agam agus is daoine nach státseirbhísigh iad an triúr atá ainmnithe. Tá cónaí ar dhuine amháin i gCo. Dhún na nGall agus ar an mbeirt eile i gCo na Gaillimhe.
153.
Comment on this
asked the Minister for the Gaeltacht if he will give details of the advisory bodies currently under the aegis of his Department; the total number of persons other than civil servants appointed by him to these bodies; the number of such persons whose current address is outside the State; and the total number of such persons with current addresses within each separate county of the State.
Comment on this
Is é Bord na Leabhar Gaeilge an t-aon eagras atá i gceist. Bíonn an Bord in iomlán (seacht gcomhalta) le ceapadh agam agus is daoine nach státseirbhísigh iad seisear den seachtar atá ceaptha. Tá cónaí ar chúigear i gCo Bhaile Atha Cliath agus ar an duine eile i dTuaisceart na hÉireann.