Dáil
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cé an Bhuna Bhig, (Dún na nGall).
den Aire Airgeadais cathain a chuirfear tús leis an obair dheisiúcháin ar ché an Bhuna Bhig i dTir Chonaill.
Comment on this
Tá scéim fheabhsúcháin chun thart faoi 62 méadar de chaladh breise a chur ar fáil ag Cé an Bhuna Bhig ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta.
Ionas gur féidir tosú ar na hoibreacha, ní foláir do Chomhairle Contae Dhún na nGall seilbh a fháil ar roinnt tailte ar an láthair. Tuigim go bhfuil an chomhairle ina bhun sin faoi láthair.
Comment on this
Níl an t-eolas sin agam ach tabharfaidh me í don Teachta nuair a bheidh sé ar fáil agam.