We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Crannchur Náisiúnta.

den Taoiseach cén méid airgid ón Chrannchur Náisiúnta atá dá chur ar fáil do eagraí-ochtaí a bhfuil baint acu le Gluaiseacht na Gaeilge: cén tsuim a cuireadh ar fáil do gach dream, agus an dtabharfaidh sé ráiteas ar an ábhar.

Comment on this
Denis Gallagher Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Fianna Fáil

Chinn an Rialtas le déanaí ar £1,750,000 a chur ar fáil i mbliana do na healaíona, don chultúr agus don Ghaeilge ó fháltais an Chrannchuir Náisiúnta. Socrófar go luath conas a dáilfear an t-airgead idir na héil-imh éagsúla.

Comment on this

An bhféadfadh an tAire a chur in iúl an bhfuil an Roinn ag glacadh le hiarratais ó eagraíochtaí Gaeilge agus cad iad na coinníollacha a gcaithfidh na heagraíochtaí a chomhlíonadh chun a bheith i dteideal an t-airgead seo a fháil?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl aon socrú déanta go foíll ar cén chaoi a ndáilfear an t-airgead seo, ach tá mise sásta gur airgead breise do Roinn na Gealtachta atá ann agus nuair a bheas deis againn an cheist ar fad a scrúdú sroichfimid socrú ar cén chaoi a chaithfear an t-airgead.

Comment on this

Luaigh an tAire £1,750,000. Cén céatadán é sin agus an ísliú é sin ar an chéatadán a bhí i gceist nuair a chuaigh an Bille tríd an Dáil.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Thug mé an figiúr sin, £1,750,000 sa bhreis, ach níl a fhios agam go fóill cén céatadán é sin den Chrannchur Náisiúnta.

Comment on this

Céard atá ag tarlú faoi láthair dos na hiarratais atá ag teacht isteach nó an bhfuil treoir rialacha ar fáil dos na heagrais éagsúla?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá leagan amach ag Roinn na Gaeltachta le fada an lá i leith an chaoi in a réitíonn siad leis na heagrais éagsúla a bhionn ag iarraidh cúnaimh uathu. I mbliana sna Meastacháin caitheadh go fiál le Roinn na Gaeltachta agus níl aon dabht agam go mbeidh an t-airgead ar fáil arís ag na heagrais seo mar a bhí ar fáil i gcónaí.

Comment on this

An bhfuil iarratas curtha isteach ag an Taoiseach nó ag an Aire Stáit don Chrannchur Náisiúnta nó an bhfuil sé á phlé faoi láthair taobh istigh den Cabinet roinnt airgead, b'fhéidir airgead breise, a thabhairt do eagrais Ghaeltachta de bharr an Chrannchuir Náisiúnta.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Mar a luaigh mé sa bhfreagra, tá £1,750,000 á thabhairt do Roinn an Taoisigh agus beidh cuid mhaith á chaitheamh ar an nGaeltacht. Níl sé socruithe go fóill againn cén leagan amach go díreach a bheas ar an gcaiteachas sin.

Comment on this