Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tograí Feirmeoireacht Eisc.
den Taoiseach céard iad na hiarratais ar chúnamh deontais le haghaidh tograí feirmeoireachta éisc atá ag fanacht le cead a Roinne sular féidir le hÚdarás na Gaeltachta tacaíocht airgid a thabhairt; agus, i gcás gach iarratais dóibh, cén uair ar cuireadh an t-iarratas ar aghaidh ó Údarás na Gaeltachta chuig Roinn na Gaeltachta.
Comment on this
Tá dhá thogra i nGaeltacht na Gaillimhe i gceist mar seo a leanas: cúnamh breise ó Údarás na Gaeltachta do Bhradán Mara Teo.; agus cúnamh ó Údarás na Gaeltachta le haghaidh feirmeacha saitilíte brádán.
Maidir le Bradán Mara Teo. fuarthas an togra i mo Roinnse ar 24 Nollaig agus fuarthas eolas breise ina leith ar 4 Meitheamh. Déanfar cinneadh sa chás go luath. Maidir leis na feírmeacha saitilíte bradán fuarthas an togra i mo Roinnse ar 24 Nollaig agus tá comhairle Roinn na Mara iarrtha ina leith.
Comment on this
Ní theastaíonn uaim ach cé mhéad iarratas atá curtha isteach don Roinn faoi láthair, agus iarrfaidh mé ar an Aire Stáit, an bhféadfadh sé a chur ar fáil, b'fhéidir i gcló, an t-eolas a bhí ag teastáil uaim sa cheist. Is é sin, an t-am ar cuireadh isteach na hiarratais éagsúla agus an chaoi ina bhfuil an cúrsa faoi láthair.
Comment on this
Níl a fhios agam. Níl an t-eolas seo agam anseo, uimhir na n-iarratas. Más é sin an t-eolas a theastaíonn uaidh tig liom é a sheoladh chuige.
Comment on this
An dtuigtear ó fhreagra an Aire Stáit nach bhfuil ach dhá chomhlacht i gceist maidir le hiarratas atá glactha ag an Roinn faoi láthair?