Gaeltacht major-road funding
Kenny sought a dedicated county fund to repair major roads in Gaeltacht areas. Gallagher said major-road spending falls under the Environment Minister, who was preparing a long-term roads plan; he would consider the needs of Gaeltacht roads, while Gaeltacht Department grants for minor roads would continue. The exchange was interrupted by complaints about Question Time and a request to repeat the answer.
den Taoiseach an bhfuil sé i gceist aige ciste faoi leith a chur ar bun in ngach contae ina bhfuil ceantar Gaeltachta le feabhas a chur ar na mór-bhóithre mar a gealladh ag Ard-Fheis Fhianna Fáil i mí Aibreáin 1986; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.
Comment on this
Tuigim ón Aire Comhshaoil go mbreithneofar an cheist maidir le hairgeadú bóithre Gaeltachta i gcoitinne i gcomhthéacs an dréacht-phleain atá á ullmhú faoi láthair aige i ndáil le forbairt bóithre don tréimhse fiche bliain amach romhainn. D'fhógair an tAire le déanaí go bhfuil beartaithe aige an dréacht-phlean a fhoilsiú laistigh de roinnt míonna.
Comment on this
Deputy Kennedy who has tabled Questions Nos. 2 and 3 wishes to ask another supplementary question. She should be allowed to do so.
Comment on this
I am sorry, I have passed on to another Question. Question No. 4 has been dealt with. Question No. 5.
Comment on this
Obviously, Members want to debate this matter but this is not the time to debate it. Question No. 5, please.
Comment on this
In view of the very unsatisfactory way in which this matter has been dealt with today I wish to raise it on the Adjournment.
Comment on this
On a point of order, a Cheann Comhairle, it was impossible to hear the answer to Question No. 4.
Comment on this
Seo an freagra do Cheist a 4:
Tuigim ón Aire Comhshaoil go mbreithneofar an cheist maidir le hairgeadú bóithre Gaeltachta i gcoitinne i gcomhthéacs an dréacht-phleain atá a ullmhú faoi láthair aige i ndáil le forbairt bóithre don tréimhse fiche bliain amach romhainn. D'fhógair an tAire le déanaí go bhfuil beartaithe aige an dréacht-phlean a fhoilsiú laistigh de roinnt míonna.
Comment on this
Mar gheall ar na deisiúcháin atá de dhíth ar na mor-bhóithre, go mór mhór i gContae Thír Chonaill, Contae Mhaigh Eo, Contae na Gaillimhe agus Contae Chiarraí, tugadh geallúint do mhuintir Fhianna Fáil ag an Ard Fheis anuraidh agus tá a fhios agam dá mbeadh an chaoi ag an Aire Stáit go pearsanta go gcuirfeadh sé i gcrich é. Is dócha gur tugadh an gheallúint sin ar son an Taoisigh os comhair an pháirtí, agus an bhfuil an tAire Stáit in ann a insint dom an gcuirfidh sé an ciste seo ar bun.
Comment on this
Mar a mhínigh mé don Teachta cheana anseo, ní bhaineann Roinn na Gaeltachta ach le deontais do bhóithre áise. Tagann caiteachas ar bhóithre móra faoin Roinn Comhshaoil. Mar atá ráite agam san bhfreagra, tá an cheist seo á bhreithniú ag an Aire Comhshaoil i láthair na huaire agus beidh ráiteas á dhéanamh aige le gairid faoin chaiteachas sna blianta atá rómhainn. Tá plean leagtha amach aige agus beidh ráiteas á chur amach aige faoi.
Comment on this
An féidir leis an Aire Stáit a rá an mbeidh sé ag cur moltaí cinnte os comhair an Aire Comhshaoil, an Teachta Flynn, chun aird ar leith a thabhairt do dheacrachtaí maidir le bóithrí a dheisiú sna Gaeltachtaí. Nuair a cuireadh an cheist seo cheana ar an Aire Stáit dúirt sé gur bhain sé leis an Roinn Comhshaoil. An bhfuil an tAire Stáit ag cur molta dearfa os comhair an Roinn Comhshaoil——
Comment on this
Sílim go bhfuil eolas maith ag an Teachta nach ag an Aire Comhshaoil é féin cúrsaí faoi bhóithre sna Gaeltachtaí. Bhí sé scaitheamh mar Aire Gaeltachta agus tuigeann sé an chaoi in a bhfuil cúrsaí. Tá mé cinnte go ndéanfaidh sé a dhícheall leis an méid airgid a bheidh le fáil aige feabhas a chur ar bhóithre na Gaeltachta.
Comment on this
Os rud é go mbaineann an Taoiseach le mo bhaile féin, gurb as Caisleán a Bharraigh an tAire Comhshaoil, agus as Contae Mhaigh Eo an tAire Stáit——
Comment on this
An aontaíonn an tAire go gciallaíonn na giorraithe atá déanta ar chaiteachas ar bhóithre go gcaithfidh muintir na Gaeltachta fanacht i bhfad níos fuide anois chun deis a chur ar na mór-bhóithre.
Comment on this
Maidir leis na bóithre atá faoi mo chúram, tá na deontais i Roinn na Gaeltachta a bhí le fáil leis na blianta á gcoinneáil ar siúl agus beidh i mbliana chomh maith, le cúnamh Dé.
Comment on this
An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil giorrú thart ar £10 milliún déanta ar chaiteachas ar na mór-bhóithre agus is iad sin na bóithre atá i gceist anseo.