Galway Co-operative Funding and Assets
The Minister reported grants and interest-free loans from the Gaeltacht Department, further grants and share investments by Údarás na Gaeltachta, and the purchase and lease-back of the co-operative’s buildings and machinery. He said the annual management grant was £20,000, identified the manager as Eamon Ó Cuír, and gave the shareholding as 45% for Údarás, 35% for the co-operative and 20% for North Connacht Farmers; about 20 people worked there. Questions about VAT and PAYE liabilities and a possible offer of assets to a private company were not directly answered.
den Taoiseach cé mhéid airgid atá íoctha le comharchumann (sonraí tugtha), i gContae na Gaillimhe, ó bunaíodh é ag (i) Roinn na Gaeltachta, (2) Údarás na Gaeltachta, faoi gach togra agus an ndéarfaidh sé an bhfuil airgead ar bith le n-íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ó thaobh (i) VAT agus (ii) PAYE de agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi.
Comment on this
Tá deontais de £523,348 agus iasachtaí saor ó ús de £60,000 íoctha go dáta ag Roinn na Gaeltachta leis an gcomharchumann a luaitear.
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil deontais de £5,815 íoctha acu leis an gcomharchumann agus gur íocadh suim £222,896 in iomlán le cuideachtaí ina bhfuil scaireanna ag an gcomharchumann agus ag an Údarás mar dheontais éagsúla. Tá £96,025 infheistithe ag an Údarás mar scaireanna sna cuideachtaí sin. Chomh maith leis sin do cheannaigh an tÚdarás foirgnimh agus innealra ón gcomharchumann agus ligeadh iad ar ais ar léas leo.
Tuigfidh an Teachta gur ceist idir an comharchumann féin agus na Coimisinéirí Ioncaim í cúrsaí cánach agus ní fhoilsítear aon eolas den chineál sin.
Comment on this
Tá cúpla ceist agam ar an Aire: ar íocadh deontais i leith treallaimh athdhíolta (nó secondhand, mar a déarfá); cé leis foirgnimh an chomharchumainn; agus an bhfuil an cíos faoin léas á íoc ag an gcomharchumann leis an Údarás faoi láthair?
Comment on this
Íocadh £232,948 mar gheall ar innealra agus gléasra. Níl aon eolas agam faoin chineál innealra; innealra trom iad agus is dócha gur innealra úra atá i gceist mar de ghnáth ní thugtar deontais le haghaidh innealra athchaite. Ceannaíodh an foirgneamh ar £40,000; tá an léas ag an gcomhlacht agus tá an t-airgead á íoc ar ais.
Comment on this
Is dócha gur leis an Údarás foirgneamh an chomharchumainn faoi láthair mar sin. An féidir leis an Aire a insint dúinn cén deontas bainistíochta a íoctar leis an gcomharchumann agus cé hé bainisteoir an chomharchumainn faoi láthair?
Comment on this
Mar pholasaí atá ag Roinn na Gaeltachta le fada an lá íoctar deontais bhainistíochta le comharchumainn, deontais reachtála, agus an figiúr atá leagtha amach i láthair na huaire ná £20,000 in aghaidh na bliana. Ní deireann sé sin gur pá don bhainisteoir é; íoctar é i gcóir reachtála agus bíonn rudaí eile luaite san £20,000. Tá sé á íoc ó 1974 agus £140,400 atá íoctha go dtí seo.
Comment on this
An bhfuil an tAire in ann a rá go bhfuil oibleagáidí ar leith ann dos na hoibrithe; agus cé mhéid oibrithe a bheadh i gceist más rud é nár íocadh suimeanna airgid i leith VAT agus PAYE? Freisin, rinne an tAire tagairt do na scaireanna. Cé leis na scaireanna faoi láthair; agus an bhfuil aon fhírinne sa ráfla go bhfuil foirgnimh agus socmhainní an chomharchumainn á ofráil do chomhlacht eile príobháideach?
Comment on this
Tá thart ar 20 duine ag obair ansin sa chuideachta, tá 45 faoin gcéad de na scaireanna ag an Údarás, tá 35 faoin gcéad ag an gcomharchumann agus 20 faoin gcéad ag NCF — North Connacht Farmers.
Comment on this
An bhfuil a fhios ag an Aire cé mhéid airgid a bailíodh ón bpobal i scaireanna agus arís, an inseoidh sé dom ainm an bhainisteora?