We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coláiste Thuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo).

Support for Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh

Summary

Kenny asks what financial support the Department of the Gaeltacht can provide to keep the Irish-medium college operating. Gallagher says education funding is primarily the Department of Education’s responsibility, but his department remains interested and will meet the management committee to consider proposals.

den Taoiseach cén tacaíocht atá á tabhairt ag Roinn na Gaeltachta don choiste bainistíochta atá i mbun Choláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo, chun é a choinneáil ar siúl mar mheánscoil lán-Ghaelach.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Faoi mar is eol don Teachta is ceist don Roinn Oideachais go príomha aitheantas agus cúnamh a thabhairt do scoileanna cosúil le Coláiste Mhuire. Féadfar glacadh leis, áfach, go leanfaidh mo Roinnse de bheith ag tabhairt tacaíochta don choláiste faoi mar a rinne sí thar na blianta.

Comment on this
Enda Kenny Mr. E. Kenny Fine Gael

An féidir leis an Aire Stáit a insint dom cén sórt tacaíochta a bheidh le fáil ó Roinn na Gaeltachta do Choláiste Mhuire? Aontaím leis gur ceist don Aire Oideachais é, ach an féidir leis an Aire Stáit a insint dom cén sórt tacaíochta agus cé mhéad airgid a bheidh i gceist leis an gcineál tacaíochta sin?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níheol dom i láthair na huaire go bhfuil aon iarratas curtha isteach le tacaíocht a fháil. Mar a dúirt mé sa fhreagra, is í an Roinn Oideachais atá i gceannas choláistí oideachais agus ní thiocfadh le Roinn na Gaeltachta deontas ar bith a thabhairt ach i gcás, b'fhéidir, a bheadh taobh amuigh de na deontais a bheadh á dtabhairt ag an Roinn Oideachais de ghnáth.

Comment on this

Tá a fhios agam go bhfuil suim ag an Aire Stáit sa scoil seo agus tá a fhios aige go bhfuil coiste bainistíochta bunaithe le déanaí. Anois, má theastaíonn ón gcoiste sin bualadh leis mar Aire Stáit, an nglacfaidh sé le cuireadh ón gcoiste go mbuailfidh sé leo i dtaobh tacaíocht airgid i leith na bpleananna a bheidh acu as seo amach?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ta suim ar leith ag mo Roinnse agus ag an Rialtas sa choláiste seo ó tharla gur coláiste é a dhéanann a chuid múineadh trí Ghaeilge, agus beimid lánsásta bualadh leo am ar bith a dteastaíonn uathu teacht chugainn le moltaí ar bith atá ar mhaithe le cúrsaí oideachais sa choláiste sin.

Comment on this