We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Ciste Réigiúnach Eorpach.

European regional funding for Gaeltacht areas

Summary

The Minister reported £55,050 in European regional funding for Gaeltacht projects in 1984–86, plus a £64,000 grant for harbour facilities at Rinn Rua. Kenny argued that too little reached remote western areas and sought more funding; Treacy disagreed on the allocation and said the Government was preparing national programmes to secure support for worthwhile projects.

den Aire Airgeadais cén t-airgead atá ar fáil do Roinn na Gaeltachta ón gCiste Réigiúnach Eorpach le caitheamh ar oibreacha oiriúnacha sna Gaeltachtaí agus sna hOileáin le trí bliana anuas agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Comment on this
Noel Treacy Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais (Mr. N. Treacy) Fianna Fáil

Ceadaíodh iomlán de £55,050 do Roinn na Gaeltachta sna blianta 19841986, ó Chiste Forbraíochta Reigiúnaí na hEorpa, chun na tograí seo a leanas a chur í gcrích faoin gClár Speisialta do Reigiúin Chros-Teorainn:—

Chomh maith leis sin ceadaíodh deontas £64,000 ó Chiste Forbraíochta Reigiúnaí na hEorpa mar chabhair chun saoráidí calaíochta a chur ar fáil ag Rinn Rua, Contae Mhaigh Eo, faoi choimirce Roinn na Gaeltachta.

Comment on this

Tá mé buíoch den Aire Stáit as ucht an t-eolas sin a thabhairt dom. An aontaíonn sé liom gur caitheadh an chuid is mó den airgead seo i mBaile Átha Cliath agus ceantair eile i gCúige Laighean in ionad áiteanna sa Ghaeltacht agus áiteanna iargúlta san iarthar agus i nDún na nGall? An bhfuil plean ar bith leagtha amach aige agus ag an Roinn chun é sin a athrú agus níos mó airgid a chaitheamh sna ceantair sin.

Comment on this

Ní bheinn in ann aontú leis an Teachta. Mar a dúirt mé, cuireadh a lán airgid ar fáil do áiteanna iargúlta, más ceart é sin a rá, nó áiteanna Ghaeltachta. Is í an aidhm atá ag an Rialtas, agus ar ndóigh ag gach Rialtas, airgead ón Eoraip a chur go dtí gach aon áit den tír gur ceart an t-airgead a chur isteach ann. Tá mé ag súil gur mar sin a bheidh an scéal i gcónaí.

Comment on this

Tá sé fíor freisin go bhfuair na tíortha eile i bhfad níos mó airgid ón gciste seo ná mar a fuair muintir na hÉireann. Tá scéim oibre leagtha amach ag Roinn na Gaeltachta agus ag na comhairlí contae san iarthar chun scéimeanna oibre a bheadh oiriúnach don airgead seo a chur i gcrích. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit an scéal seo a athrú agus níos mó airgid a lorg ar dtús ón Eoraip chun cur isteach san chiste seo agus na scéimeanna atá oiriúnach a chur ar fáil do mhuintir an iarthair atá sna háiteanna is iargúlta in Éirinn.

Comment on this

Níl an t-eolas agam cé mhéid airgid a fuair tíortha eile na hEorpa ach níl an Rialtas seo in oifig ach ar feadh ocht míosa agus táimid ag iarraidh clár a chur ar bun chun ár ndothain airgid a fháil ón Eoraip chun tacaíocht a thabhairt do scéimeanna fiúntacha sa tír seo. Tá mé ag súil go mbeidh clár ar fáil tar éis tamaill a mbeidh an Teachta féin agus gach Comhalta den Oireachtas sásta leis.

Comment on this