We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Feachtas Fógraíochta don Ghaeilge.

Irish-language advertising campaign funding

Summary

Higgins asked whether the £400,000 campaign fund would support Údarás na Gaeltachta and extra Raidió na Gaeltachta programming in Gaeltacht areas. Gallagher said spending options were under review pending recommendations from the Dáil Irish-language committee, welcomed proposals from interested groups, and agreed the Authority had an important role in promoting Irish.

den Taoiseach an gcuirfear aon chuid den £400,000 ón gCrannchur Náisiúnta, atá liostáilte faoin teideal Feachtas Fógraíochta leis an nGaeilge a chur chun cinn, ar fáil d'Údarás na Gaeltachta, leis an nGaeilge a chur chun cinn sna Gaeltachtaí, atá ar tí iompú ar an mBéarla.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tuigeann mo Roinnse go mbeidh tábhacht ar leith ag baint leis an bhfeachtas seo ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, sna Gaeltachtaí féin agus ar fud na tíre uile, agus ní foláir mionscrúdú a dhéanamh ar na bealaí is fearr leis an mbuntáiste is mó a bhaint as an gcaiteachas a bheidh i gceist.

Comment on this

Baineann an cheist go díreach leis an mbunphrionsabal, an mbeidh airgead breise ar fáil do Raidió na Gaeltachta chun clár fógraíochta a bhunú taobh istigh des na Gaeltachtaí féin. Chomh maith leis sin, tá laghdú in áiteacha áirithe ansin agus tá daoine ag iompú don Bhéarla. Mar sin, an mbeidh cláracha speisialta ag Raidió na Gaeltachta agus an cumas acu, trí airgead breise a fháil, na cláracha seo a chur ar fáil?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá na rudai seo ar fad á scrúdú agus tá iarratas faighte againn ó Chomhchoiste na Gaeilge anseo sa Dáil gan cinneadh ar bith a dhéanamh go dtí go mbeidh moltaí faighte ón chomhchoiste sin. Sin an obair atá idir lámha i láthair na huaire le go mbainfear an buntáiste is fearr as an airgead seo. Sílim go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an bhfógraíocht a dhéanfar leis an £400,000 seo ar mhaithe leis an nGaeilge agus níor mhaith linn aon tús a chur le rudaí go mbeidh cinneadh ceart déanta air.

Comment on this

An mbeidh seans ag muintir na nGaeltachtaí féin agus foireann Raidió na Gaeltachta moltaí a chur isteach faoin chaoi ina gcaithfear an t-airgead?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níor cuireadh aon fhógraí ag iarraidh moltaí ó dhreamanna ar bith, ach má tá aon dream ar mhaith leo moltaí a chur os ár gcomhair, beimid sásta iad a mheas.

Comment on this

Luaite sa cheist tá ról Údarás na Gaeltachta i gcur chun cinn na Gaeilge, agus tá ról acu ní amháin i bhforbairt postanna sa Ghaeltacht ach i bhforbairt agus cur chun cinn cúrsaí cultúrtha. An gcoinneoidh an tAire é sin i gcuimhne nuair a bheas an t-airgead á dháileadh, mar sílim gur cóir go mbeadh rud éigin fiúntach le rá ag an Údarás ó tharla go bhfuil siad ag plé leis seo le blianta.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Aontáim leis an Teachta go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an ról a bheas ag an Údarás maidir leis an Ghaeilge a spreagadh ar fud na nGaeltachtaí, agus faoi láthair tá coiste faoi leith acu atá ag plé leis na cúrsaí seo ar fad.

Comment on this