Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aer-Stráice do Dhún na nGall.
den Taoiseach an bhfuil aon phleananna ann chun leathnú agus forbairt a dhéanamh ar aer-stráice na Carraige Finne i gContae Dhún na nGall.
Comment on this
Tá obair mhór forbartha curtha i gcrích ar an aer-stráice sin le blianta beaga anuas ar a n-áirítear dromchla crua, soilsí, sconsaí cosanta agus treallamh eitleoireachta. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbeidh forbairt bhreise ag brath ar riachtanais aersheirbhíse agus ar airgead a bheith ar fáil don obair.
Comment on this
Ó tharla go bhfuil seirbhís rialta aeir ó Shligeach, Chnoc Mhuire, Gaillimh, Aerphort na Sionainne agus mar sin, go Baile Átha Cliath agus go háiteacha eile, agus ó tharla nach bhfuil seirbhís traenach ar bith i dTír Chonaill ná fiú, amháin, nach bhfuil mórán seirbhísí ag Bus Éireann in iarthar Thír Chonaill, an aontódh an tAire Stáit go bhfuil géar-ghá le seirbhís mar seo a chur ar fáil don phobal Ghaeltachta ansin? Bní seirbhís ar fáil——
Comment on this
An bhféadfadh sé a insint dúinn an bhfuil aon phlean ag an Roinn fá choinne forbairt a dhéanamh ar an aer-stráice sin?
Comment on this
Nuair a bunaíodh an t-aer-stráice i 1978, sílim gur thuig an Rialtas ag an am an tábhacht a bhí le aer-stráice mar seo a chur ar fáil sa cheantar sin. Aontaím leis an Teachta go bhfuil géarghá le seirbhísí a sholáthar ansin mar nach bhfuil seirbhís ró-mhaith ann ó thaobh traenach agus busanna agus mar sin de. Tá an tÚdarás ag déanamh teangmhála faoi láthair le comhlacht a bhfuil sé i gceist acu seirbhís rialta a chur ar fáil, ach ní féidir liom níos mó eolais a thabhairt don Teachta faoi sin i láthair na huaire.
Comment on this
Fá choinne seirbhísí rialta a chur ar fáil sílim go bhfuil na comhlachtaí ag éileamh go gcuirfí 300 méadair leis an aer-stráice. An bhfuil sé sin beartaithe nó an bhfuil aon phleananna chun é sin a dhéanamh? Muna ndéantar é sin, ní féidir linn brath ar sheirbhís cheart a chur ar fáil.
Comment on this
Tá iarratas déanta ag an Údarás le forbairt breise a chur i gcrích ar an aer-stráice, sé sin fad a chur leis agus mar sin de. Cosnóidh an obair ar fad thart ar £200,000. Tá iarratas á chur isteach faoi sin agus táimid ag súil go mbeidh tacaíocht le fáil ón Chiste Réigiúnach lena aghaidh. Ach go dtí seo níl aon chinneadh déanta faoin gcaiteachas sin.
Comment on this
Cén uair gur féidir bheith ag súil le cinneadh, roimh an Cháisc nó roimh an samhradh? Tá sé anphráinneach.