Clare Island Pier Collapse
Kenny reported that part of Clare Island pier had collapsed and was dangerous; the Minister acknowledged the report and promised to investigate and do what he could.
An bhfuil a fhios ag an Aire gur thit cuid mhór de Ché Oileán Chléire isteach sa bhfairrge aréir agus go bhfuil sé an chontúirteach agus go bhfuil sé an-phráinneach go ndéanfadh sé rud éigin faoi? B'fhéidir go gcuirfeadh sé scéala chugam chomh luath agus is féidir.
Comment on this
Is eol dom gur thit cuid den ché sin isteach san fhairrge. Tá a fhios ag an Aire nach bhfuil an scéal go léir agam go fóill, ach beidh sé ag teacht agus, ar ndóigh, beidh brú ag teacht ón Teachta féin agus ó mo chomhghleacaithe féin ar an dtaobh seo, an tAire Gallagher agus an tAire Flynn, agus na Teachtaí eile as Maigh Eo. Chomh luath agus a fhaighim scéal fá dtaobh de, déanfaidh mé mo dhícheall faoin cheist.