We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Maintenance of Harbours.

Ard Mór Pier and Access Road

Summary

Molloy said the pier and access road at Ard Mór, Carna, were in poor condition and threatened Emerald Fisheries’ ability to continue there. The Minister requested more information, noted the access road was a county road, and suggested county council funding might be available; the exchange ended with procedural interruptions.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil an-droch chaoi ar ché Ard Mór agus an bóthar isteach chuig an cé sin agus go bhfuil an-úsáid á baint astu ag——

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

Sin ceist speisialta.

Comment on this

——Emerald Fisheries agus seans nach mbeidh an comhalacht sin in ann leanúint ar aghaidh ar an suíomh sin mura ndéantar feabhas láithreach ar an mbóthar agus ar an ché.

Comment on this

Cén cé?

Comment on this

Ard Mór, Carna, Contae na Gaillimhe.

Comment on this

B'fhéidir go bhfaighidh mé níos mó eolais ná an t-eolas atá le fáil anseo, agus is ceist speisialta é.

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

Sin ceist speisialta.

Comment on this

Níl go leor eolais agam, ach b'fhéidir go gcuirfeadh an Teachta Molloy níos mó eolais chugam maidir leis an ché. Níl mé cinnte mar gheall ar an mbealach síos chuig an cé. Níl a fhios agam an bóthar contae é nó nach é. Más bóthar contae é is dócha gur féidir airgead a fháil ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Más bóthar nach bhfuil ar an chontae b'fhéidir gur féidir airgead a fháil——

Comment on this

Bóthar contae é.

Comment on this

Os rud é go bhfuil an Teachta Molloy in a bhall de Chomhairle Chontae na Gaillimhe, is dócha go mbeidh sé ábalta airgead a fháil ansin.

Comment on this

Is cuma leat.

Comment on this

Is tusa atá ag rá é sin, ní mise.

Comment on this

May I ask one final supplementary please?

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

Ar aghaidh le Ceist a 7.

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

I am sorry, Deputy, the Chair must be obeyed at some stage.

Comment on this

I appreciate that, a Cheann Comhairle, but my patience wears thin.

Comment on this