Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Cábla-Carr do Inis Bigile (Acaill).
den Taoiseach an bhfuil socrú déanta fós faoin gceist go gcuirfí cábla-charr ar fáil do mhuintir Inis Bigile, Acaill, Contae Mhaigh Eo, agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi.
Comment on this
Faoi mar a chuir mé in iúl don Teachta cheana is gá togra costasach mar seo a mheas go cúramach. Tá an togra fós á scrúdu agus déanfar cinneadh ina leith a luaithe is féidir.
Comment on this
An bhfuil a fhios ag an Aire gur thug sé an freagra céanna dom cúpla mí ó shin? An féidir leis a insint dom cathain a bheidh an socrú déanta agus cathain a bheidh an cinneadh déanta faoin meastachán atá á dhéanamh aige faoin gcábla-charr seo?
Comment on this
Níl aon eolas breise le tabhairt agam faoi. Tá an meastachán á mheas go fóill. Tá cuid mhaith airgid i gceist agus táimid ag iarraidh a theacht ar réiteach a bheas sásúil do mhuintir an oileáin.
Comment on this
An féidir leis an Aire a insint dom an mbeadh an moladh sin oiriúnach do airgead a fháil ón gCiste Réigiúnach?
Comment on this
Sílim gurb é an gnás atá ann maidir leis an gCiste Réigiúnach, chun airgead a chur ar fáil, ná go dtiocfadh sé sa cháinaisnéis.
Comment on this
An féidir leis an Aire a rá go mbeidh cinneadh déanta roimh dheireadh an tsamraidh faoi?