Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - An Tionscal Teicstíle sa Ghaeltacht.
den Taoiseach an bhfuil aon scéal faoi láthair faoin iarrartas chuig CE chun airgead a fháil le go bhfaighfí amach an fáth nach bhfuil an tionscal teicstíle mar ba chóir sa Ghaeltacht, rud a luadh sa bplean sin Programme for National Recovery; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.
Comment on this
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil cúnamh ceadaithe as an gCiste Forbartha Réigiúnach de chuid an Chomhphobail Eorpaigh chun staidéar a dhéanamh ar an tionscal teicstíle sa Ghaeltacht d'fhonn moltaí a dhéanamh maidir le straitéis chomhordaithe a ullmhú chun an tionscal a fhorbairt.
Comment on this
An féidir leis an Aire Stáit a rá liom can iad na Gaeltachtaí ina mbeidh an staidéar seo ar siúl agus cathain a thosóidh sé agus cén uair a mheasann sé a bheidh sé críochnaithe?
Comment on this
Tuairim is trí bliana a thógfaidh sé, agus tá costas £150,000 leis an staidéar a dhéanamh agus tá £76,000 de sin ceadaithe ag an EC. Mar a dúirt mé, measaim go nglacfaidh sé thart ar thrí bliana leis an scrúdú a chríochnú. Níl aon eolas agam faoi na Gaeltachtaí faoi leith. Baineann sé leis na Gaeltachtaí ar fad, agus is dócha go mbeidh an scrúdú ar siúl i ngach Gaeltacht a bhfuil an obair seo ar siúl ann.
Comment on this
Cad a dhéanfar leis an staidéar nuair a bheas sé críochnaithe? An mbeidh an tÚdarás i dteagmháil ansin leis na heagrais san Eoraip nó leis an Roinn Airgeadais nó leis an Rialtas? Cad tá i ndán don staidéar nuair a bheas sé críochnaithe?