Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Mná Tí na Gaeltachta.
den Taoiseach an bhfuil sé sásta socrú a dhéanamh leis na Ranna Stáit seachas an Roinn Airgeadais ionas go mbeidh na suimeanna airgid a fhaigheann mná tí faoin scéim scoláirí deimhnithe mar liúntais faoi scéim chultúrtha.
Comment on this
Ní go rómhaith a thuigim cad díreach atá i gceist ag an Teachta. Más é atá i gceist aige go n-aithneófaí na suimeanna airgid a fhaigheann mná tí Gaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge mar theacht isteach chun críche Mír a 2 den Acht Airgeadais, 1969, tuigim go bhfuil an faoiseamh sin dírithe ar scríbhneoirí, cumadóirí agus ealaíontóirí a chuireann oibreacha nua ar fáil de chaighdeán ard ealaíona nó cultúrtha. Is mar chúiteamh ar an tseirbhís a chuireann mná tí ar fáil do na foghlaimeoirí Gaeilge a bhíonn ar iostas acu a íoctar deontais na Roinne agus cuid de tháillí na dtuismitheoirí.
Comment on this
An féidir liom a léiriú don Aire Stáit céard díreach atá i gceist agam? Tá faitíos ar na mná tí faoi láthair go gcaillfidh siad liúntais atá ag teacht dóibh faoi scéimeanna Ranna Leasa Shóisialaigh, Oideachais agus Talmhaíochta. Sílim gur tógadh suas an fhadbh seo sa Dáil agus ar an Athló——
Comment on this
An fáth gur thug mé an léiriú sin ná go ndúirt an tAire Stáit nár thuig sé an cheist go díreach. An cheist mar sin — chun deireadh a chur leis an bhfaitíos seo, faitíos atá ginearálta taobh istigh des na limistéir Ghaeltachta, an mbeadh sé sásta mar Aire na Gaeltachta socrú éigin a dhéanamh leis na Ranna Stáit——
Comment on this
Tá freagra tugtha cúpla uair ar an rud atá ardaithe ag an Teachta. Ba mhaith liom a dhearbhú anseo nach gá do na mná tí aon imní a bheith orthu faoi na cúrsaí seo. Níl aon athrú déanta san chaoi in a mbeidhíocaíochtaí curtha ar fáil dóibh, agus tá chuile shórt maidir le ceist leasa shóisialaigh agus na rudaí eile a hardaíodh, tá sé mínithe agus ní gá dóibh aon fhaitíos a bheith orthu beag ná mór faoi na cúrsaí atá á bplé ag daoine faoi látháir go polaiticiúil.
Comment on this
Bhí cainteanna ar siúl idir an Roinn Airgeadais agus ionadaithe ó na coláistí samhraidh, mar shampla, agus rinneadh socrú de shórt éigin ag an Roinn Airgeadais. Ní sin atá i gceist agamsa. Tá faitíos ann fós go mbeidh sé intuigthe——
Comment on this
An nglacann an tAire Stáit go bhfuil gá le socrú éigin foirmeálta a dhéanamh, agus nach nglacann sé gurb i Roinn na Gaeltachta an Roinn is fearr chun é sin a dhéanamh?
Comment on this
Tháinig an rud seo de bharr riail atá tugtha isteach go gcaithfidh gach duine a fhaigheann níos mó ná £500 mar dheontas ón Stát uimhir chánach a bheith acu. Sin an t-aon rud atá athruithe maidir leis na deontais seo. Tá míniú soiléir tugtha faoi céard atá i ndán do na mná tí. Níl tada i gceist ar bhealach ar bith eile. Baineann sé seo le gach deontas a íocann an Stát. Mar atá ráite agam cheana, ní gá go mbeadh aon imní ar na mná tí go gcuirfear isteach orthu ar bhealach ar bith ná go gcuirfear an teacht isteach seo san áireamh in aghaidh deontas ar bith eile a bheas á fháil acu.
Comment on this
An bhfuil sé intuigthe ón méid a dúirt an tAire Stáit nach mbeidh tionchar ar bith ag cúrsaí leasa shóisialaigh, sláinte, talmhaíochta agus mar sin de, agus chomh maith leis sin, nach nglacfar na híocaíochtaí seo mar ioncam an teaghlaigh, is é sin, nach n-úsádfear eolas ó aon Roinn eile agus nach dtógfar ioncam na ndeontas seo le chéile le ioncam a fhir céile, cuir i gcás, agus é a chur san áireamh mar ioncam teaghlaigh.