Ceisteanna — Questions Oral Answers. - Ciste na Gaeilge.
den Taoiseach cé mhéad airgid ar fad a cuireadh ar fáil i mbliana le haghaidh Chiste na Gaeilge; céard iad na heagraíochtaí agus na grúpaí ar ar roinneadh an t-airgead sa Chiste; cé mhéad a fuair gach eagraíocht agus grúpa; agus cérbh iad na coinníollacha a ghabh leis an airgead a fuaireadar.
Comment on this
Faoi mar a léirítear i Leabhar na Meastachán, is suim £2.273 mhilliún atá curtha ar fáil i mbliana do Chiste na Gaeilge. Is as an gciste sin a íoctar an soláthar do Bhord na Gaeilge, do Bhord na Leabhar Gaeilge agus an cúnamh Stáit d'eagrais dheonacha Gaeilge. Íoctar deontais bhliantúla leis na heagrais sin chun a chumasú dóibh cláir oibre a shásaíonn mo Roinnse a fheidhmiú i ndáil le cur chun cinn na Gaeilge ina réimsí éagsúla.
Cuirfear liosta de na dreamanna uile a bhfuil cúnamh ceadaithe dóibh, agus an tsuim atá i gceist i ngach cás ar leith, timpeall i bhfoirm tábla sa Tuairisc Oifigiúil.
Seo leanas an tábla:
Comment on this
An bhféadfadh an tAire Stáit a rá cé mhéid de na grúpaí atá i gceist atá bunaithe sa Ghaeltacht?
Comment on this
Tá a bhformhór taobh amuigh den Ghaeltacht ach beidh siad ag feidhmiú go hindíreach le gnóthaí Ghaeltachta cé go bhfuil siad lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht féin.
Comment on this
An mbeidh airgead breise á chur ar fáil do scéimeanna taobh istigh de scéimeanna Údarás na Gaeltachta nó Raidio na Gaeltachta chun an scéim bolscaireachta a bhrú ar aghaidh?
Comment on this
Mar is eol don Teachta, bhí ceist mar seo anseo cheana. Tá airgead breise leagtha amach do chlár bolscaireachta don Ghaeilge. Nil sé leagtha amach go beacht go fóill cén chaoi a bhainfear feidhm as an airgead, ach tá sé á scrúdú faoi láthair.
Comment on this
Sa chuid is deireannaí den cheist d'fhiafraigh mé den Taoiseach nó den Aire Stáit cérbh iad na coinníollacha a ghabh leis an airgead a fuaireadar, is é sin an mbeidh coinníollacha áirithe á leagan síos agus an mbeidh buntáistí ag grúpaí taobh istigh de na Gaeltachtaí féin seachas grúpaí eile taobh amuigh?
Comment on this
Tá an chuid is mó de na scéimeanna a luaigh mé faoi lán seol le fada an lá agus séard atá ann ná airgead a chuireann mo Roinn ar fáil chun cuidiú le heagrais áirithe atá ag plé le spreagadh na Gaeilge. Bíonn orthu tuairisc a thabhairt gach bliain ar an chaoi in a bhfuil an t-airgead sin á chaitheamh agus mura bhfuil an Roinn sásta cuireann siad a mí-shastacht in iúl do na heagrais sin ó am go chéile.