We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údaraás na Gaeltachta.

den Taoiseach cé mhéad spás monarchan atá i seilbh Údarás na Gaeltachta faoi láthair i ngach ceantar Gaeltachta; cé mhéad atá tugthta amach ar chíos nó geallta do thogra éigin; cé mhéad atá ar fáil le haghaidh tograí nua agus cé mhéad atá dá thógáil faoi láthair agus an dtabharfaidh sé an t-eolas go léir briste síos de réir na mórcheantracha Gaeltachta.

Comment on this
Denis Gallagher Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Fianna Fáil

Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas (a fuarthas ó Údarás na Gaeltachta) agus cuirfear timpeall sa Tuarascáil Oifigiúil é:

*Tuigtear go bhfuil tograí á bplé do 2,808 m.ch. den mhéid sin.

Comment on this

An mbeadh an tAire in ann a rá go ginearálta cén céatadán den spás atá i seilbh an Údaráis atá ligthe amach ar cíos nó iarratas faighte chun é a ligean amach ar cíos faoi láthair?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá 91 faoin gcéad den spás sin i lámha an Údaráis i láthair na huaire, agus sin i gcomparáid le 77 faoin gcéad ag an Údarás Forbartha Tionscal agus 81 faoin gcéad i gcás SFADCo.

Comment on this

Maidir le——

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

Is i bhfoirm tábla atá an freagra.

Comment on this

Maidir le ceist 3 arís, agus b'fhéidir an cheist dheiridh, an bhfuil a fhios aige go bhfuil daoine ag cur iarratas isteach do Udarás na Gaeltachta faoi láthair agus nach bhfuil spás ar fáil dóibh agus nach bhfuil an tÚdarás in ann glacadh leis na hiarratais sin chun tionscail agus fostaíocht a chur ar fáil dá bharr san?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Den 19,111 mhéadair chearnacha atá saor tá 2,808 mhéadair den spás sin a bhfuil daoine ag cur tuairiscí faoi agus tá an tÚdarás ag plé na ceiste leo.

Comment on this

I nGaeltacht Chois Fhairrge, an dtuigeann an tAire go bhfuil an spás go hiomlán aimsithe faoi láthair agus nach bhfuil spás ar fáil dos na húdaráis monarchana le cur ar fáil dos na daoine atá ag cur iarratais isteach chun tostaíocht a chruthú?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl an méid sin ar eolas agam ach má tá gné ar leith den cheist atá curtha os my chomhair ag an Teachta ar mhaith leis plé liom, beidh mé sásta é sin a dhéanamh.

Comment on this